Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow LYT ar son na Gaeilge
LYT ar son na Gaeilge E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 18 June 2008

Bhí ceardlanna drámaíochta eagraithe ag ‘Loughrea Youth Threatre’ go speisialta i nGaelscoil Riabhach le deireannas. Eagraíodh na ceardlanna ar mhaithe le páistí idir 4 agus 12 d’aois.

Image

Philip Short - Loughrea Youth Theatre i gcuideachta cuid de na cailíní ga a d'fhreastail ar na ceardlanna drámaíochta ar son an Naíonra; Liadán Nic Chormaic, Laura Harris, Raphael Short, Robin Mac Donald agus Amy D'Arcy.

Ghlac suas le trí scór páistí páirt sna ceardlanna seo agus iad uilig thar a bheith sásta nodanna éagsúla a fhoghlaim i dtaobh aisteoireacht, damhsa agus amhránaíocht ar stáitse.

D’éirigh go hiontach leis na drámadóirí óga agus iad faoi stiúir fhoireann ghairmiúil LYT. Ní amháin sin ach bhronn Paula agus Philip Short, bainisteoirí LYT, táillí na gceardlanna ar fad do Naíonra Bhaile Locha Riach.

Chaith foireann LYT lá iomlán i mbun na gceardlanna agus ag deireadh an lae cuireadh drámaí beaga, amhránaíocht agus damhsa ar ardán ar mhaithe le pobal na Gaelscoile agus deis ag tuismitheoirí agus cairde sult a bhaint as an méid a bhí foghlamtha ag na páistí i lá amháin.

Bhí Breda Uí Chonachán, Stiúrthóir an Naíonra, thar a bheith buíoch do LYT a bhí iontach fláithiúil leis an airgead a bhronnadh orthu. Ní amháin sin, ach tuigeadh dithe go raibh na páistí uilig iontach tógtha go raibh deis iontach tugtha dóibh am a chaitheamh i gcuideachta fhoireann LYT. Dúirt sí go gcuideodh an t-airgead go mór leo áiseanna nua-aimseartha a fháil don Naíonra don scoilbhliain seo chugainn.

Má tá éinne ag iarraidh a thuilleadh eolais i dtaobh an Naíonra i mBaile Locha Riach, tá gach fáilte teagmháil a dhéanamh le Breda ag 087 2702383.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 1
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?