News
Béal a Phobail
Leabhra Nua ó Chló Iar-Chonnachta | Leabhra Nua ó Chló Iar-Chonnachta |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 30 January 2008 | |
|
Tá roinnt leabhra den scoth foilsithe ag Cló Iar Chonnachta le roinnt míosa anuas. Sa bpíosa seo a leanas breathnóidh muid ar trí cinn: TG4@10: Deich mBliana de TG4, Eithne O’Connell, John Walsh agus Gearóid Denvir a chuir in eagar. Sraith léachtaí a tugadh ag seimineár a tionóladh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i Nollaig na bliana 2006, ag ceiliúradh deich mbliana ó bunaíodh TG4. Tá aistí ann le pearsana aitheanta éagsúla, idir scoláirí agus chraoltóirí, i réimse leathan disciplíní, a phléann bunú, feidhmiú agus todhchaí TG4 (nó TnaG mar a bhí air ag an am). Ar na rannpháirtithe tá Cathal Goan, Pádhraic Ó Ciardha, Íte Ní Chionnaith, Pádraig Ó Mianáin, Máirín Nic Eoin, Tadhg Ó hIfearnáin, Uinsionn Mac Dubhghaill, Siobhán Ní Laoire, Seosamh Mac Donnacha, Anna Ní Ghallachair, Emer Ní Bhrádaigh, Irial Mac Murchú, Niall Mac Eachmharcaigh agus Máire Ní Neachtain. Ar an gCoigríoch, Máirín Nic Eoin agus Aisling Ní Dhonnchadha a chuir in eagar. Díolaim litríochta a phléann ceann de mhórthéamaí na fichiú aoise in Éirinn, téama a bhí beo níl cúig bliana déag ó shin, ach atá anois beagnach imithe go hiomlán as an dioscúrsa laethúil sa lá atá inniu ann, sin nó é iomptha droim ar ais .i. téama na himirce. Tá idir fhilíocht agus phrós, fhicsean agus neamhfhicsean sa leabhar seo le sleachta ó Mháirtín Ó Cadhain, Peig Sayers, Séamus Ó Grianna, Dónall Mac Amhlaigh, Micí Mac Gabhann, Maidhc Dainín Ó Sé, Pádraic Ó Conaire, agus go leor leor eile.
Máthair an Fhiaigh / The Raven’s Mother, Dairena Ní Chinnéide. |
| < Prev | Next > |
|---|