News
Béal a Phobail
Leabhra a bheidh ag teacht amach i '08 | Leabhra a bheidh ag teacht amach i '08 |
|
| Written by Staff Reporter | ||||
| Wednesday, 06 February 2008 | ||||
Page 2 of 2
Rogha Phádraic Uí Chonaire, Diarmaid de Faoite a chuir in eagar. Rogha Dhiarmaid de Faoite de shaothar Phádraic Uí Chonaire, móide dlúthdhiosca fuaime. Ainneoin go n-aithnítear Pádraic Ó Conaire mar dhuine de na gearrscéalaithe is fearr sa Ghaeilge, agus ainneoin gur scríobh sé go maith os cionn ceithre céad gearrscéal, na céadta aistí, úrscéal agus lánghlaice de dhrámaí stáitse, níl i gcló inniu ach sé cinn déag de na scéalta, agus tá fúinn anseo blaiseadh de shiansa Uí Chonaire a léiriú trí shaol iomlán agus stíleanna éagsúla an údair a leanacht. Beidh fáil anseo ar chuid den saothar is cáiliúla uaidh chomh maith le saothar eile nach bhfacthas le fada. Micheál Breathnach - Scribhinní, Tomás Ó Domhnaill a chuir in eagar. Athchló ar shaothar scríbhneora de chuid na hathbheochana as an Lochán Beag in Indreabhán, Co. na Gaillimhe, a bhfuiltear i 2008 ag comóradh céad bliain ó bhásaigh sé. Ceannródaí ab ea Micheál Breathnach, fear a bhí ag scríobh i nGaeilge nuair a bhí a bás á tuar in aghaidh an lae, agus fear a chuir stór mór saothair le chéile sular bhásaigh sé go hantráthach i 1908 agus gan é ach seacht mbliana fichead. Ainneon a cháil, tá a shaothar as cló le blianta fada, agus táthar ag súil go gcuirfidh lucht léitheoireachta nua aithne ar shaothar saibhir soilbhir an fhathaigh fir seo. |
||||
| < Prev | Next > |
|---|