Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Leabhra a bheidh ag teacht amach i '08
Leabhra a bheidh ag teacht amach i '08 E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 06 February 2008
Article Index
Leabhra a bheidh ag teacht amach i '08
Page 2

Bliain mhór a bheidh i 2008 do leabhra Ghaeilge, mar is léir ó na leabhra a bheidh foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta sa bhliain atá le theacht.  Seo blaiseadh beag den ábhar a bheidh ar fáil i 2008:

TG4 @ 10: Deich mBliana de TG4, Eithne O’Connell, John Walsh agus Gearóid Denvir a chuir in eagar.

Sraith léachtaí a tugadh ag seimineár a tionóladh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i Nollaig na bliana 2006, ag ceiliúradh deich mbliana ó bunaíodh TG4.  Tá aistí ann le pearsana aitheanta éagsúla, idir scoláirí agus chraoltóirí, i réimse leathan disciplíní, a phléann bunú, feidhmiú agus todhchaí TG4 (nó TnaG mar a bhí air ag an am).  Ar na rannpháirtithe tá Cathal Goan, Pádhraic Ó Ciardha, Íte Ní Chionnaith, Pádraig Ó Mianáin, Máirín Nic Eoin, Tadhg Ó hIfearnáin, Uinsionn Mac Dubhghaill, Siobhán Ní Laoire, Seosamh Mac Donnacha, Anna Ní Ghallachair, Emer Ní Bhrádaigh, Irial Mac Murchú, Niall Mac Eachmharcaigh agus Máire Ní Neachtain.

Ar an gCoigríoch, Máirín Nic Eoin agus Aisling Ní Dhonnchadha a chuir in eagar.

Díolaim litríochta a phléann ceann de mhórthéamaí na fichiú aoise in Éirinn, téama a bhí beo níl cúig bliana déag ó shin, ach atá anois beagnach imithe go hiomlán as an dioscúrsa laethúil sa lá atá inniu ann, sin nó é iomptha droim ar ais .i. téama na himirce.  Tá idir fhilíocht agus phrós, fhicsean agus neamhfhicsean sa leabhar seo le sleachta ó Mháirtín Ó Cadhain, Peig Sayers, Séamus Ó Grianna, Dónall Mac Amhlaigh, Micí Mac Gabhann, Maidhc Dainín Ó Sé, Pádraic Ó Conaire, agus go leor leor eile.

Máthair an Fhiaigh / The Raven’s Mother, Dairena Ní Chinnéide.

An dara cnuasach dátheangach ón bhfile óg seo.  D’éirigh go geal lena céad cnuasach, An Trodaí / The Warrior (2005) a ainmníodh ar an ngearrliosta don Rupert & Eithne Strong Award don bhliain 2006.  Sna dánta seo téann an file i ngleic le teamaí aitheanta ina saothar, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua.



 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Are you worried about using your credit/debit cards?