Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Leabhar nua spóirt le Seán Óg de Paor
Leabhar nua spóirt le Seán Óg de Paor E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 12 December 2007

Lá an Phaoraigh is teideal do dhírbheathaisnéis nua spóirt, leis an bpeileadóir Seán Óg de Paor, i gcomhar lena dheirfiúr Aoife de Paor, foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta.

As an gCeathrú Rua do Sheán Óg, áit ar fhreastail sé ar an mbunscoil ansin, Scoil Mhic Dara. Is ann a thosaigh sé ag imirt peile, agus bhí sé ina chaptaen ar an bhfoireann a bhuaigh Corn Uí Chonaire – comórtas peile do bhunscoileanna Gaeltachta na Gaillimhe – dhá bhliain as a chéile, i 1982 agus 1983. As sin thug sé aghaidh ar Choláiste Iarfhlatha i dTuaim, áit ar chruthaigh sé go maith i bhfianaise thraidisiún seanbhunaithe na peile sa scoil sin. Ina dhiaidh sin chuaigh sé go Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, mar a raibh sé ina chaptaen ar an bhfoireann a bhuaigh Corn Mhic Shigiúir i 1992. I gcaitheamh an ama seo bhí sé freisin ag imirt peile go rialta dá chlub, CLG, An Cheathrú Rua: bhí sé ar an bhfoireann nuair a fuair siad ardú céime go dtí grád na sinsear sa mbliain 1987, agus bhí ról lárnach aige leo freisin nuair a bhuaigh siad Craobh an Chontae sa mbliain 1996 agus Comórtas Peile na Gaeltachta an bhliain dár gcionn.

Ach is mar pheileadóir idirchontae is mó atá cáil ar Sheán Óg de Paor; d’imir sé do mhionúir, don fhoireann faoi 21 agus do shinsir na Gaillimhe, faoi bhainisteoirí éagsúla, agus gan mórán ratha orthu go dtí gur tháinig John O’Mahony mar bhainisteoir ar fhoireann sinsear na Gaillimhe sa mbliain 1997. D’éirigh leo Craobh na hÉireann a bhuachan i 1998 agus i 2001, agus d’imir siad Ciarraí i gcluiche ceannais na hÉireann i mbliain an dá mhíle, cé gur buaileadh iad. Agus, ar ndóigh, d’imir Seán Óg d’fhoireann na hÉireann in aghaidh na hAstráile sa gcluiche croschineálach ceithre bliana as a chéile, idir 1998 agus 2001.

Ó thús deireadh sa leabhar seo feictear chomh tugtha don pheil agus do shaol an pheileadóra lánaimseartha is atá Seán Óg. Tugtar léargas dúinn ar na híobairtí millteannacha is gá do pheileadoirí idirchontae a dhéanamh chun an caighdeán atá ag teastáil a bhaint amach. Déantar trácht ar na harda agus ar na hísle, an greann agus an gáire, an brón agus an bhuairt ann – chuile ghné de shaol an pheileadóra Ghaelaigh sa lá atá inniu.

Tá Lá an Phaoraigh ar fáil ó shiopaí leabhar agus ó www.cic.ie


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 1
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?