|
Leabhar nua faoi Shéamus Ennis |
|
|
Written by Administrator
|
|
Wednesday, 07 February 2007 |
'Mise an fear ceoil': Séamus Ennis - Dialann Taistil 1942-1946 is
teideal do leabhar nua atá le foilsiú go luath, dialann taistil Shéamus
Ennis on tréimshe a chaith sé ag bailiú amhrán agus ceoil i gContaetha
na Gaillimhe, an Chláir, Mhaigh Eo, Dhún na nGall, Luimnigh agus an
Chabháin do Choimisiún Béaloideasa Éireann.
Ní raibh Séamus Ennis ach fiche is a trí bliain d'aois nuair a ceapadh mar bhailitheoir é leis an gCoimisiún.
Is
éard a bhí gceist leis an bpost, taisteal chuig ceantair éagsúla ar fud
na tíre leis an gceol agus na hamhráin a bhí beo i mbéal na ndaoine a
bhreacadh síos. Is dúshlánach an post a bhí ann, agus bhí duine le
scileanna faoi leith ag teastáil: duine a bheadh in ann notaí an cheoil
a scríobh maille le focail; Gaeilge líofa; tuiscint ar thraidisiún an
cheoil; agus pearsantacht faoi leith - bhí duine ag teastáil a bheadh
in ann labhairt le daoine, a réiteodh le daoine agus a mbeadh muinín ag
na ceoltoirí as. Bhí na cáilíochtaí seo ar fad ag Ennis, agus ba
cheoltoir agus amhránaí cumasach é, leis. Choinnigh sé dialann i rith a
chuid ama ag obair leis an gCoimisiún, atá anois i seilbh An Choláiste
Ollscoile i mBÁC i gCnuasach Bhéaloideas Éireann.
Tá
diantaighde déanta ag Ríonach uí Ogáin ar obair Shéamus Ennis, agus é
curtha os comhair an phobail aici anois leis an dialann taistil seo.
Faightear an-léargas i 'Mise an fear ceoil' ar thraidisiún ceoil an ama
sin, ar na daoine agus ar na pobail éagsúla ar thug Ennis cuairt orthu,
agus ar an bhfear é féin. Foilseofar an leabhar i mí Feabhra.
Comments () » |
 |
|