Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Leabhar nua de scéalta béaloidis foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta
Leabhar nua de scéalta béaloidis foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta E-mail
Written by Administrator   
Wednesday, 29 August 2007
Bróga Páipéir agus Stocaí Bainne Ramhair is teideal do leabhar nua de scéalta béaloidis curtha in eagar ag Pádraic Breathnach agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta.

Is ó Mhicheál Breathnach, nó Michael Phatch, as Gleann Mhac Muirinn i gConamara, a bailíodh na scéalta seo. Casadh Michael Phatch ar Phádraic Breathnach den chéad uair i 1969 agus Pádraic ag múineadh i gColáiste Chonnacht ar an Spidéal. Bhí cuireadh faighte ag Michael Phatch teacht aniar chuig an choláiste le cúpla seanscéal a insint do na scoláirí. “Iníon Rí Láimh gan Aithne” an scéal a d’aithris sé do rang Phádraic, cé nach raibh sé d’am aige é a chríochnú.

Ní raibh mórán suime ag Pádraic sa bhéaloideas an t-am sin agus níor thug sé mórán suntais don seanchaí, cé gur thaifead sé an scéal, agus b’in an chéad bhlaiseadh den tseanscéalaíocht a fuair sé. Roinnt blianta ina dhiaidh sin agus é ag múineadh i gColáiste Mhuire Gan Smál i Luimneach, shocraigh sé gur mhaith leis deireadh an chéad scéil sin a bheith aige agus d’imigh sé leis ar cuairt chuig Michael Phatch. Chuir an scéalaí fáilte chroíúil roimhe agus chríochnaigh an scéal dó.

Chuir Pádraic an-suim sa scéalaí agus sa scéal an uair seo agus shantaigh sé tuilleadh scéalta uaidh. D’fhill sé ar Ghleann Mhac Muirinn sách minic ina dhiaidh sin go ceann scaithimh agus bhailíodh sé scéal nua an turas ó Michael Phatch. Is éard atá i Bróga Páipéir agus Stocaí Bainne Ramhair seacht gcinn déag de na scéalta sin. Scéalta iontais iad seo atá pulctha lán le ríthe, banríonacha, prionsaí, banphrionsaí, dílleachtaí, ainmhithe a bhfuil bua na cainte acu, laochra agus lucht gaisce. Tá dhá dhlúthdhiosca ag dul leis an leabhar a bhfuil na scéalta “Loinnir Mac Leabhair” agus “Gruagach na gCleas” le cloisteáil orthu, á n-aithris ag Michael Phatch.

Tá Bróga Páiper agus Bainne Stocaí Ramhair ar fáil ó shiopaí ar fud na tíre, agus ó www.cic.ie.
 


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Would you trust the cancer services in this country?