Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Leabhar Nua Béaloidis as Tír Chonaill
Leabhar Nua Béaloidis as Tír Chonaill E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 16 July 2008

Seo iad na scéalta a bhronn an tseanghlúin ar an ghlúin óg ar feadh na gcianta go dtí go ndeachaigh siad i léig san aois seo caite, scéalta atá anois á n-athbhronnadh orainn a bhuíochas leis an eagarthóir, Mícheál Mac Giolla Easbuic.

Cuireadh an t-eagrán seo le chéile mar áis foghlama agus mar áis don té a bheadh ag iarraidh a theacht ar bhlaiseadh den chanúint Chonallaigh mar a mhair sí in iardheisceart Dhún na nGall. -  Eithne Ní Ghallchobhair Ón tSeanam Anall – Scéalta Mhicí Bháin Uí Bheirn is teideal do leabhar nua de scéalta béaloidis as Cill Chárthaigh i nGaeltacht Thír Chonaill, curtha in eagar ag Mícheál Mac Giolla Easbuic agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta.

Ceoltóir, fidléir, file agus seanchaí ab ea Micí Bán a rugadh i 1899 agus a fuair bás i 1980. D’fhás sé aníos ar an Chaiseal i gCill Charthaigh i measc seanchaithe eile ar nós Chondaí Uí Laighin in áit a raibh saibhreas iontach cultúrtha. Duine de sheachtar clainnne, triúr buachaillí agus ceathrar cailíní, ab ea é. De bharr gurbh ailbíneach é ní fhéadfadh sé ach na cinnteidil a léamh sa pháipéar agus bheadh ar dhuine éigin an chuid eile a léamh dó. Bhí intleacht thar an ghnáth aige agus choinnigh sé a chuid eolais uilig ina chloigeann. Bhí cliú agus cáil air féin agus ar a dheartháir Proinsias mar fhidléirí ar fud na hÉireann. Ba í Bríd Ní Bheirn, máistreás scoile áitiúil, a scríobh na scéalta seo ó bhéal Mhicí Bháin Uí Bheirn i 1930, agus ba í a deirfiúr Mairéad a thug an cnuasach do Mhícheál Mac Giolla Easbuic lena chur i dtoll a chéile.

Cúig scéal is fiche atá sa bhailiúchán seo, chomh maith le tréanna, ‘Na Seacht n-Óg’ agus píosa filíochta a chum Micí Bán Ó Beirn dar teideal ‘Turas ar Chill Charthaigh’.

Seolfaidh an Dr Eithne Ní Ghallchobhair an leabhar in Áislann Chill Charthaigh, Dé Luain 11 Lúnasa ag 7.00 i.n.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?