News
Béal a Phobail
Lón Liteartha | Lón Liteartha |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 23 January 2008 | |
|
Seoladh 'Bean i mBarritz': Ré Ó Laighléis ag seoladh leabhar 'Bean i mBiarritz' leis an úrscéalaí le linn lón liteartha i mBaile Locha Riach le déanaí. Cuireadh clabhsúr leis an chúrsa scríbhneoireachta i mBaile Locha Riach agus lón liteartha eagraithe don ocáid. Bhí an cúrsa speisialta seo eagraithe faoi Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe i gcomhar le Gaeilge Locha Riach agus le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Tháinig daoine ó gach cúige, ó chúlraí éagsúla ar fud na hÉireann ag freastal ar an chúrsa spéisiúil seo ar mhaithe lena gcuid scileanna scríbhneoireachta agus ba é Ré Ó Laighléis, a bhí ag stiúradh na seisiún. Is cosúil gur bhain gach duine an-tairbhe agus sult as an chúrsa. Mar chuid den ‘lón liteartha’, seoladh leabhar le duine de na scríbhneoirí a bhí ag freastal ar an chúrsa. Bhí an Laighléiseach breá sásta an t-úrscéal ‘Bean i mBiarritz’ le Brian Ó Dochartaí a sheoladh ag an ócáid. Mar a tharlaíonn sé níl an leabhar ach díreach tagtha ó na clódóirí. Tugadh moladh iontach do Bhrian as an saothar comhaimseartha a chur i gcrích... úrscéal nach raibh sé ábalta a chur ar leataobh. Ar ndóigh, ba mhór an spreagadh a leithéid do na scríbhneoirí uile a bhí ag freastal ar an chúrsa scríbhneoireachta. Caithfidh a rá go raibh neart acu ag smaointiú fán chéad chéim eile... dul i mbun pinn agus beart a dhéanamh de réir mar a bhí foghlamtha acu le linn an chúrsa. |
| < Prev | Next > |
|---|