News
Béal a Phobail
Léacht Uí Gríofa | Léacht Uí Gríofa |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 21 November 2007 | |
|
Cuireadh fáilte roimh slua bhreá in Óstán O’Deas Céadaoin 14 Samhain agus léacht comórtha eagraithe go speisialta ag ‘Gaeilge Locha Riach’ in ómós an t-Athair Micheál Ó Gríofa. Tugadh cluas l’éisteacht don staraí, Cormac Ó Comhraí, (ó na Forbacha, Conamara) agus léargas iontach tugtha dóibh siúd i láthair ar an sagart gaelach poblachtánach a maraíodh sa bhliain 1920 agus é curtha taobh leis an Ardeaglais i mBaile Locha Riach. Tuigtear gur tharla an eachtra uafásach seo lár mhí na Samhna na bliana sin agus ba oiriúnach an rud é go raibh léacht cuimhneacháin eagraithe an oíche céanna 14 Samhain. D’fhreastail na mílte duine ar an sochraid i 1920, tá leaca cuimhniúcháin is bóthar ainmnithe in ómós dó. Is cinnte go bhfuil sé i gcuimhne an phobail go fóill agus ba mhór an ónóir do ‘Gaeilge Locha Riach’ an léacht stairiúil seo a eagrú. |
| < Prev | Next > |
|---|