News
Béal a Phobail
Lá Breá Gaelach i mBaile Locha Riach | Lá Breá Gaelach i mBaile Locha Riach |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 26 March 2008 | |
|
De bharr gur fhógair Cumann Tráchtála Locha Riach nach mbeadh siad i gceannas Mórshiúil Fhéile Pádraig i mbliana, tháinig Coiste an Pharáid le chéile don chéad uair ag deireadh Mí Eanáir. Ar bhonn dheonach a bhí siad ag feidhmniú ó shin agus é i gceist acu deis a thabhairt do grúpaí pobail a ngníomhaíochtaí a cheiliúradh. ![]() Caithfidh a admháil go raibh na heagraíochtaí gaelacha sa bhaile lárnach in obair an choiste chéanna. Chuige sin, Paráid an Phobail a bhí ins sa bhaile is mar sprioc acu spiorad an phobail a cheiliúradh. Ós rud é gur bliain Oilimpeach í seo, roghnaíodh ‘Spórt agus Spraoi’ mar théama an lae agus léiríodh go soiléir go raibh an téama gaelach á cheiliúradh ag chuile duine agus leaganacha éagsúla den téama céanna sin ar thaispeáint. Cinnte, is le gach duine an Ghaeilge rud a thuigtear go maith sa bhaile. Bhí breis agus 30 grúpaí pobail páirteach san iomlán, go leor siamsaíochta curtha ar fáil le linn na hócáide. Choinnigh Paidí Ó Lionaird (TG4), fear a’ tí an lae, na sluaite in ard-iúmar. Bhí ceol iontach ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus caisleáin súgartha curtha ar fáil do pháistí na háite. Tugadh ónóir na hócáide do Kevin Hardiman, fear Oilimpeach speisailta an bhaile a bhuaigh bonn cré-umha i Shanghai 2007 agus do Caroline Mahoney, Rós Locha Riach nua-tofa a chas amhrán ar staitse don tslua. Ar ndóigh, chuidigh an aimsir iontach go mór le cúrsaí an lae. Ós rud é gur mórshiúil do na grúpaí pobail uilig, roghnaíodh duais a bhronnadh ar gach uile grúpa a ghlac páirt. Maise, thiocfadh a rá go raibh an bua ag cách, gur buaiteoirí a bhí i ngach duine. Bhí lucht eagraithe thar a bheith sásta agus bhí go leor tuairimí dearfacha nochtaithe ag daoine éagsúla. Mhothaigh an coiste gur éirigh go maith leo an mórshiúil a eagrú taobh istigh d’achar gairid agus bhí caint ann fiú fá 2009! |
| < Prev | Next > |
|---|