News
Béal a Phobail
Is fearr focal maith… | Is fearr focal maith… |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 30 April 2008 | |
|
D’eagraigh Gaeilge Locha Riach tráthnóna speisialta i gcomhar le JFK Signs ar mhaithe le comhghairdeas a ghabháil le lucht gnó an bhaile as íomhá gaelach a chothú le linn Sheachtain na Gaeilge. Tugadh faoi deara go raibh 11 gnó éagsúla curtha ar an ghearrliosta as ucht a n-iarrachtaí Gaeilge a bheith feiceáileach le linn an tréimhse sin. Ghlac Pádraig Ó Baoill, Gaeilge Locha Riach, an deis siopadóirí agus lucht gnó an bhaile a spreagadh i dtreo scéimeanna Foras na Gaeilge a úsáid l’íomhá gaelach a neartú sa bhaile. Chuir sé síos ar an tacaíocht atá ar fáil maidir le comharthaíocht, stáiseanóireacht agus suíomhanna idirlíne a fhorbairt. Léirigh sé go raibh deis ag gnónna leas a bhaint as na deontais atá ar fáil ar bhun náisiúnta. Bhí Pat Loughnane, Cathaoirleach Cumann Tráchtála Bhaile Locha Riach, lán sásta a bheith i láthair agus luaigh sé go raibh sé tugtha fá deara ag cuairteoirí go raibh íomhá breá gaelach le feiceáil anois i mBaile Locha Riach agus 24 ionaid ina raibh comharthaíocht i nGaeilge feiceáileach. Threisligh sé an dul chun cinn suntasach seo, buanna Ghlór na nGael bainte ag an bhaile agus dóchas aige go dtógfar ar an obair. |
| < Prev | Next > |
|---|