News
Béal a Phobail
Gugulaí Gug Beo | Gugulaí Gug Beo |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 23 April 2008 | |
|
Beidh ceolchoirm speisialta eagraithe do theaghlaigh Ghaelscoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Slua Dé Domhnaigh seo chugainn 27 Aibreán ag 3.00 i.n. a bheidh spéisiúil do pháistí óga ó aois 0-90. Beidh an seó seo mar léiriú beo bríomhar ar an leabhar ‘Gugulaí Gug’ atá ar cheann de na foilseacháin is mó díol i nGaeilge le roinnt blianta anois. Is é Tadhg Mac Dhonnagáin a chur an dlúthdhiosca agus an leabhar le chéile le cabhair ó dhaoine óga agus aosta ó cheantar Chonamara. Rannta, seanamhráin agus dánta atá i gceist le Gugalaí Gug leis an bhéim ar an gceol agus ar an amhránaíocht. Tá áthas ar Gaeilge Locha Riach fáilte a chur roimh Tadhg Mac Dhonnagáin agus a chlann chun theacht go Béal Átha na Slua leis na rannta éagsúla, amhráin traidisiúnta agus portaireacht béil a léiriú ar ardán. Ní bheidh costas ar bith ar an doras agus is cosúil go mbainfidh gach teaghlach sa chomharsanacht máguaird an-sult is tairbhe as Seó Gugulaí Gug Beo. Tá tuilleadh eolais le fáil ar an imeacht ó Ghaeilge Locha Riach tré teagmháil a dhéanamh le This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it , nó glaoch a chur ar 091 870 718. |
| < Prev | Next > |
|---|