News
Béal a Phobail
Gradam Vodafone | Gradam Vodafone |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 25 June 2008 | |
|
Bronnadh Gradam Vodafone ‘Passion for the World Around Us’ ar Bhríd Ní Chonghóile, Ardfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge i gCathair na Gaillimhe, de bharr a tiomantas i gcur na Gaeilge chun cinn, i gcathair na Gaillimhe. B’iad Séan agus Rachael Stewart, JSL Stewart Group a d’ainmnaigh Bríd don Ghradam agus roghnaíodh í ón iliomad ainmniúchán. Cinntíonn sí go mbíonn íomhá pearsanta ag cur aidhm Ghaillimh le Gaeilge, Cathair na Gaillimhe a chur chun cinn mar chathair dhátheangach, i bhfeidhm. Níl aon dabht, ach go raibh tionchar mór ag díograis agus ag fuinneamh Bhríd ar bhaint aidhmeanna Ghaillimh le Gaeilge, ag cur na Gaeilge chun cinn i nGaillimh, amach. Creideann Bríd go daingean i luach na Gaeilge agus i gcultúr uathúil na Gaeltachta. Lena tiomantas agus lena hionchur, chabhraigh sí a chinntiú go mbeadh éagsúlacht idir Gaillimh agus Cathracha eile in Éirinn agus san Eoraip. D’úsáid Bríd cur chuige praicticúil, nua-aimseartha agus nuálaíoch chun a chinntiú go n-úsáidfeadh gnólachtaí i gcathair na Gaillimhe an teanga, ag cabhrú le caomhnú agus cur aitheantas cultúrtha na Gaillimhe, chun cinn . Dá bharr, bhí an Ghaeilge in úsáid ag an phobal áitiúil. Bhunaigh Gaillimh le Gaeilge an Coiste Logainmneacha i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Bhí sé i gceist leis seo go mbeadh forbraíochtaí tithíochta á n-ainmniú i nGaeilge, ag méadú fheiceálacht na Gaeilge ar fud na Cathrach. Tá baint lárnach acu le heagrú imeachtaí sóisialta, a thugann deis do dhaoine Gaeilge a labhairt in atmaisféar sóisialta agus neamhfhoirmeálta. |
| < Prev | Next > |
|---|