News
Béal a Phobail
Go dTaga do Ríocht | Go dTaga do Ríocht |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 09 July 2008 | |
|
Cuirfear tús le Féile Ealaíon na Gaillimhe 2008 ar an 14ú Iúil agus is mór an onóir do Thaibhdhearc na Gaillimhe go mbeidh dráma nua-scríofa le Micheál Ó Conghaile - Go dTaga do Ríocht - á léiriú ag Taibhdhearc na Gaillimhe agus á stiúradh ag Brendan Murray i gcomhair na féile. Cé go bhfuil an Taibhdhearc féin fós dúnta de bharr na tine a bhí ansin faoi Shamhain na bliana seo caite, tá Taibhdhearc na Gaillimhe fós i mbun léirithe. Is iontach an rud é go bhfuil tacaíocht ón bpobal do léiriú na Taibhdheirce le feiceáil go láidir, in ainneoin na ndeacrachtaí a bhí againn. Ba léir seo nuair a tháinig na sluaite amach chun an dráma Faoi Dheireadh Thiar le Joe Steve Ó Neachtain a fheiceáil i Seanscoil Sailearna agus ar an gcamchuairt. Is iontach an misneach a thugann tacaíocht mar sin do mheitheal na Taibhdheirce agus do na drámadóirí.
Seo é an tríú dráma sa trílóg drámaí (lonnaithe i gConamara) a scríobh Micheál Ó Conghaile. Léirigh an Taibhdhearc an péire eile cheana; Cúigear Chonamara sa bhliain 2003 agus Jude i 2007. Is cinnte go mbainfidh an pobal an-taitneamh as an dráma nua seo. Dráma storrúil nua-aimseartha é Go dTaga do Ríocht a bhfuil an teannas, an t-imreas agus an ghangaid ina snaidhm reatha tríd. Tugtar léargas ann ar scéal Jimí, déagóir nach bhfuil ach i dtús aithne air féin, é cráite ag dúshláin mhóra an tsaoil - bás a mháthar, meon muiniceach a athar, éiginnteacht an ghnéis agus an chreidimh, saol agus sochaí Chonamara le hais an tsaoil atá ag a chomrádaí cathrach Kevin - Bleá Cliathach atá i gConamara ar chúrsa samhraidh.
Ar cheann de shnátha eile an scéil tá an Gorta Mór agus an cogadh creidimh i gConamara aimsir an Drochshaoil a bhfuil a lorg le feiceáil ar an gcogadh creidimh atá ar siúl lenár linn féin idir Jimí agus a athair. Dráma é Go dTaga do Ríocht a bhfuil an dáiríreacht, an greann agus an ceol ina orlaí tríd.
I measc scoth na n-aisteoirí atá páirteach sa léiriú seo, tá Mairéad Ní Ghallchóir (Ros na Rún), Séan Ó Coistealbha (Cré na Cille), Peadar Ó Treasaigh ( Coinneal Orainn ), Pádraic Óg Ó Tuairisg ( Ros na Rún) agus Shaun Dunne (Blackwater Angel) . Is é Florent Betria a dhear an seit agus Tony Cording a thóg é, Pat O’Reilly a dhear an soilsiú agus an fhuaim, agus is í Orlagh de Bhaldraithe an Bainisteoir Stáitse. |
| < Prev | Next > |
|---|