Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Go dTaga do Ríocht - dráma nua ón Taibhdhearc
Go dTaga do Ríocht - dráma nua ón Taibhdhearc E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 02 July 2008

Cuirfear tús le Féile Ealaíon na Gaillimhe 2008 ar an 14ú Iúil agus is mór an onóir do Thaibhdhearc na Gaillimhe go mbeidh dráma nua-scríofa le Micheál Ó Conghaile - Go dTaga do Ríocht - á léiriú ag Taibhdhearc na Gaillimhe agus á stiúradh ag Brendan Murray i gcomhair na féile. Cé go bhfuil an Taibhdhearc féin fós dúnta de bharr na tine a bhí ansin faoi Shamhain na bliana seo caite, tá Taibhdhearc na Gaillimhe fós i mbun léirithe.

Is iontach an rud é go bhfuil tacaíocht ón bpobal do léiriú na Taibhdheirce le feiceáil go láidir, in ainneoin na ndeacrachtaí a bhí againn. Ba léir seo nuair a tháinig na sluaite amach chun an dráma Faoi Dheireadh Thiar le Joe Steve Ó Neachtain a fheiceáil i Seanscoil Sailearna agus ar an gcamchuairt. Is iontach an misneach a thugann tacaíocht mar sin do mheitheal na Taibhdheirce agus do na drámadóirí.

Tá Taibhdhearc na Gaillimhe an-bhuíoch d’Ollscoil na hÉireann, Gaillimh as Áras na Gaeilge a chur ar fáil chun an dráma a léiriú. Beidh an dráma ar stáitse ón Luan, 14 Iúil go dtí an Satharn 19 Iúil, ag tosnú ag a 8.00 i.n. gach oíche.

Seo é an tríú dráma sa trílóg drámaí (lonnaithe i gConamara) a scríobh Micheál Ó Conghaile. Léirigh an Taibhdhearc an péire eile cheana; Cúigear Chonamara sa bhliain 2003 agus Jude i 2007. Is cinnte go mbainfidh an pobal an-taitneamh as an dráma nua seo. Dráma storrúil nua-aimseartha é Go dTaga do Ríocht a bhfuil an teannas, an t-imreas agus an ghangaid ina snaidhm reatha tríd. Tugtar léargas ann ar scéal Jimí, déagóir nach bhfuil ach i dtús aithne air féin, é cráite ag dúshláin mhóra an tsaoil - bás a mháthar, meon muiniceach a athar, éiginnteacht an ghnéis agus an chreidimh, saol agus sochaí Chonamara le hais an tsaoil atá ag a chomrádaí cathrach Kevin - Bleá Cliathach atá i gConamara ar chúrsa samhraidh.

I dteannta Jimí, castar orainn a athair - Patrickín - Finné Iáivé (Jehovah’s Witness) díocasach díograiseach arb é an chloch is mó ar a phaidrín craobhscaoileadh a chreidimh féin.

Ar cheann de shnátha eile an scéil tá an Gorta Mór agus an cogadh creidimh i gConamara aimsir an Drochshaoil a bhfuil a lorg le feiceáil ar an gcogadh creidimh atá ar siúl lenár linn féin idir Jimí agus a athair. Dráma é Go dTaga do Ríocht a bhfuil an dáiríreacht, an greann agus an ceol ina orlaí tríd.

I measc scoth na n-aisteoirí atá páirteach sa léiriú seo, tá Mairéad Ní Ghallchóir (Ros na Rún), Séan Ó Coistealbha (Cré na Cille), Peadar Ó Treasaigh ( Coinneal Orainn ), Pádraic Óg Ó Tuairisg ( Ros na Rún) agus Shaun Dunne (Blackwater Angel) . Is é Florent Betria a dhear an seit agus Tony Cording a thóg é, Pat O’Reilly a dhear an soilsiú agus an fhuaim, agus is í Orlagh de Bhaldraithe an Bainisteoir Stáitse.

Lena thuilleadh eolais a fháil nó le ticéid a chur in áirithe, glaoigh ar an Taibhdhearc ag 091-563600 nó ar Féile Ealaíon na Gaillimhe ag 091 566577.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?