News
Béal a Phobail
Gearrliosta an Ghradaim Fograithe | Gearrliosta an Ghradaim Fograithe |
|
| Written by Administrator | |
| Wednesday, 14 February 2007 | |
|
Tá gearrliosta Ghradam Sheosamh Uí Ogartaigh 2006, an Gradam Gno atá á reachtáil ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhar leis an Galway Advertiser agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus le tacaíocht speisialta Údarás na Gaeltachta fograithe inniu ag Gaillimh le Gaeilge.
Is é an aidhm atá ag an nGradam ná aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí agus eagraíochtaí atá an Ghaeilge in úsáid go laethúil ina ngno agus atá, mar thoradh ar sin, rannpháirteach i nGaillimh a chur chun cinn mar "Phríomhchathair Dhátheangach na hÉireann". I mbliana, tá dhá chatagoir ag baint leis an nGradam - comhlachtaí le fiche no níos lú fostaí agus comhlachtaí le breis agus fiche fostaí. Sa chatagoir le fiche fostaí no níos lú bhain; Lohans Bar & Restaurant, Europa Bicycles agus Taaffes amach an gearrliosta. Sa dara chatagoir le níos mo na fiche fostaí bhain; Aran Direct/Caol Díreach go hÁrainn, Cumann Peile Ghaillimh Aontaithe agus Harrmack Developments amach an gearrliosta. Bhí na moltoirí ar fad an-togtha le láidreacht an "Pholasaí Teanga" taobh istigh de na gnolachtaí seo agus freisin an chaoi ar togadh an Ghaeilge chomh dáiríre sin mar "uirlis an-éifeachtach margaíochta". Ar chuid de na tagairtí eile o na moltoirí bhí; "Tá an Ghaeilge á húsáid mar ag deireadh an lae tá sé ar fad faoi chúrsaí gno agus tá sé tuigthe anois ag na gnolachtaí seo go bhfuil sé seo ag cuidiú lena gcuid gno, go háirithe iad seo atá sa tionscal seirbhíse. Beidh na moltoirí ag tabhairt cuairt ar an ngearrliosta an tseachtain seo chugainn agus ina dhiaidh sin, roghnofar buaiteoirí na gCatagoirí. Fogroidh an tAire Éamonn O Cúiv T.D. Roinn Gnothaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta buaiteoirí na gCatagoirí, Déardaoin 22 Feabhra 2007 ag searmanas speisialta in Ostán an Ard Oileáin. Bronnfar macasamhail den Ghradam urraithe ag Údarás na Gaeltachta agus dearrtha ag Pádraig Reaney ar buaiteoirí na gCatagoirí mar aitheantas ar a éachtaí dhátheangacha. Roghnofar buaiteoir iomlán Ghradam Sheosamh Uí Ogartaigh uaidh buaiteoirí na gCatagoirí agus bronnfar Gradam Sheosamh Uí Ogartaigh orthu ar feadh bliana, duaiseanna eile den scoth mar aon le poiblíocht fairsing sna meáin. Tá luach ?10,000 ar na buntáistí agus duaiseanna atá ar fáil atá urraithe ag an Galway Advertiser, Galway Bay FM, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus Snap Printing. Ba iad seo a leanas a rinne moltoireacht ar an gcomortas i mbliana: Maeve Joyce, Feidhmeannach Caidrimh Phoiblí Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Pádraic O Ráighne, Feidhmeannach Margaíochta, TG4 agus Alex Hijmnas, buaiteoir Ghradam Sheosam Uí Ogartaigh 2004. Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge buíochas a ghabháil leis na hainmnithigh go léir as ucht a bheith rannpháirteach sa Ghradam agus as a gcuid oibre leanúnaí i gcur chun cinn Chathair na Gaillimhe mar Phríomhchathair Dhátheangach na hÉireann. Comhghairdeas leis na hiomaitheoirí deiridh as teacht chomh fada agus gach rath orthu go léir in Ostán an Ard Oileáin ar an 22 go Mí Feabhra 2007. |
| < Prev | Next > |
|---|