News
Béal a Phobail
Gaillimh le Gaeilge ar thóir Treabh | Gaillimh le Gaeilge ar thóir Treabh |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 21 November 2007 | |
|
Tá Gaillimh le Gaeilge ag glacadh le hainmniúcháin do Ghradam Sheosamh Uí Ógartaigh do 2007. Cuireadh tús leis an nGradam seo i 2001 i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe chun aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí a bhaineann úsáid as an nGaeilge. Gach bliain déantar forbairt nua agus athnuachán ar an nGradam agus i mbliana, tá áthas ar Ghaillimh le Gaeilge fáilte a chur roimh a gcomhpháirtithe nua; Bord Fiontar Contae agus Cathrach na Gaillimhe atá ag tacú agus ag forbairt gné nua den Ghradaim “Séala Oifigiúil Ghradam Sheosamh Uí Ógartaigh. Is comhartha d'ardchaighdeán agus sármhaitheasa sa dátheangachas atá anseo do na buaiteoirí - a bheidh le feiceáil ar a gcuid stáiseanóireacht, bróisiúir agus láithreáin gréasáin tar éis dóibh buachan. Beidh “Séala Oifigiúil Ghradam Sheosamh Uí Ógartaigh á sheoladh ar an 31 Eanáir 2008. Ag labhairt faoin bhforbairt nua, chuir Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Caitlín Nic an Ultaigh fáilte roimh na comhpháirtithe nua Bord Fiontar Contae agus Cathrach na Gaillimhe chuig an nGradam. “Is iontach an rud é go bhfuil ar ár gcumas ag an tráth seo a leithéad de shiombal mar “Séala Oifigiúil Ghradam Sheosamh Uí Ógartaigh” a fhorbairt, a bhuíochas sin do Bhord Fiontar Contae agus Cathrach na Gaillimhe. Beidh “Séala Oifigiúil Ghradam Sheosamh Uí Ógartaigh” mar comhartha d'ardchaighdeán agus sármhaitheasa sa dátheangachas do bhuaiteoirí an Ghradaim agus aitheanta go háitiúil agus go náisiúnta mar Q mark an dátheangachais”. Dúirt Charles Lynch, Phríomhfheidhmeannach an Bhoird “Tá an-áthas ar Bord Fiontar Contae agus Cathrach na Gaillimhe a bheith páirteach i nGradam Sheosamh Uí Ógartaigh. Is uirlis luachmhar margaíochta í an Ghaeilge a thugann deis do ghnólachtaí chun iad féin a chur amach ansin, aitheantas a fháil agus luach a chur leis an táirge atá á dhíol acu” Tá Príomhurraithe an Ghradaim, an Galway Advertiser agus Údarás na Gaeltachta, ar bord arís i mbliana maraon lenár nurraithe tacaíochta, Galway Bay F.M, Snap Printing agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe. Tá luach breise curtha acu go léir leis an “Pacáiste Gnó’ a bheas á bhronnadh ar an mbuaiteoir mar aon le píosa dealbhóireachta uathúil. Tá 14 treabh na Gaillimhe léirithe ar an bpíosa dealbhóireachta seo agus ‘treabh an lae inniu’ ag seasamh do bhuaiteoir Ghradam Sheosamh Uí Ógartaigh agus do na buaiteoirí amach anseo. Bhí dhá chatagóir ag baint leis an nGradam i 2006 don chéad uair– comhlachtaí le níos lú ná fiche fostaí agus comhlachtaí le níos mó ná fiche fostaí agus leanfar leis an structúr céanna i mbliana. Bronnfar macasamhail den Ghradam urraithe ag Údarás na Gaeltachta do bhuaiteoir an dá chatagóir le coinneáil. Fógraíodh Tigh Taaffes mar bhuaiteoirí an darna catagóra, comhlachtaí le níos lú ná fiche fostaí agus Aran Direct.com mar bhuaiteoirí an chéad catagóra comhlachtaí le níos mó ná fiche fostaí. Bhain Arandirect.com/Caol Díreach go hÁrainn amach an Gradam féin. Le haghaidh foirm iarratais nó le haghaidh tuilleadh eolais faoin nGradam déan teagmháil le hoifigí Ghaillimh le Gaeilge ar 091 568876 nó This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it nó logáil isteach ar www.gleg.ie. |
| < Prev | Next > |
|---|