Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Gaillimh le Gaeilge ag Cuardach Cairde Nua
Gaillimh le Gaeilge ag Cuardach Cairde Nua E-mail
Written by Administrator   
Wednesday, 17 January 2007
Tá Gaillimh le Gaeilge ag iarraidh ar phobal na Gaillimhe a bheith gníomhach ag cabhrú leo éagsúlacht na cathrach a chaomhnú. Tá scéim 'Cairde' Ghaillimh le Gaeilge ar oscailt faoi láthair. Séard atá i gceist le 'Cairde Ghaillimh le Gaeilge' ná grúpa atá spéis acu tacú agus cur le obair Ghaillimh le Gaeilge ag cur chun cinn cathair na Gaillimhe mar phríomhchathair dhátheangach na hÉireann. Chuir Gaillimh le Gaeilge tús le Cairde Ghaillimh le Gaeilge i 2001 i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe de bharr riachtanais fhorbartha agus chun cabhrú leo déileáil leis an bhfás ar éileamh as sheirbhísí Ghaillimh le Gaeilge. Tá fás agus forbairt tagtha ar an scéim o shin agus tá comhlachtaí o cathair na Gaillimhe (agus roinnt i gContae na Gaillimhe) ag taispeáint greamán 'Cairde' ina bhfuinneoga chun a gcuid tacaíochta a léiriú.

Trí siúntús bliantúil a íoc, is féidir a bheith mar 'Cara', 'Cara Maith' no 'Dlúthchara' de Ghaillimh le Gaeilge, gach ceann acu lena mbuntáistí féin ar nos cuirí chuig ocáidí soisialta agus lonta gno míosúla, dialann saor in aisce, coip d'ár nuachtlitir mhíosúil, seirbhís aistriúcháin agus comhlairleoireachta faoi 'Gno le Gaeilge' agus deiseanna líonraithe eile.

Le 5-7 de bhlianta anuas, tá nádúr an tionscail miondíola tar éis athrú go mor i gCathair na Gaillimhe le roinnt mhaith gnolachtaí beaga ag dúnadh le háit a dhéanamh do shreangsiopaí náisiúnta no idirnáisiúnta. Cruthaíonn an treocht nua seo dúshlán nua. Go minic, ní bhíonn an té a dhéanann cinneadh faoi díoloireahct no comharthaíocht ar fáil go héasca maidir leis na comhlachtaí mora ná na saincheadúnais. Go minic ní dhéanann comhlachtaí mora idirnáisiúnta a gcomharthaíocht/margaíocht athrú ar a gcomharthaíocht/margaíocht chun an Ghaeilge a úsáid mar gheall ar rialacha daingne an cheannárais choirparáidigh. Cé gur choir dúinn fáilte a chur roimh na comhlachtaí sin agus aitheanas a thabhairt don ghno breise a thugann siad don chathair, ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar ár bhfréamhacha eacnamaíochta agus cultúr teangeolaíochta. Tá úsáid na Gaeilge i nGno níos luachmhaire fos chun carachtar uathúil na Gaillimhe a chaomhnú agus tarraingteach doibh siúd atá ina gconaí, ar chuairt no ag infheistiú anseo. Tá Gaillimh le Gaeilge ag obair i gcomhpháirtíocht leis na hÚdaráis Áitiúla, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus muintir na Gaillimhe chun úsáid na Gaeilge a spreagadh sa ghno agus branda uathúil na Cathrach a chaomhnú.

Ag seoladh struchtúr nua Ghradam Sheosamh Uí Ogartaigh cúpla mí o shin, luaigh, David Niland, Uachtarán Chumann Tráchtála 'go bhfuil sé tábhachtach go gcoinníonn muid agus go ndéanann muid neartú ar ár n-éagsúlacht o chathracha Éireannacha eile agus go deimhin o phríomhsráid i mbaile sa Bhreatain.' Is acmhainn eacnamaíochta tábhachtach í an Ghaeilge a chabhraíonn le táirgiúlacht, a chothaíonn dea-thoil ar chostas íseal agus a dhéanann leasú ar íomhá do ghno ar chostas íseal.

Tá tacaíocht an phobail Ghno riachtanach d'obair Ghaillimh le Gaeilge. Tá an Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag tabhairt ?3 do chuile ?1 a thugann ár gCairde dúinn! Le haghaidh tuilleadh eolais agus foirm iarratais, déan teagmháil le Gaillimh le Gaeilge ar 091 568876 no This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it . Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar www.gleg.ie .


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?