Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Foglaim Chun Cniotáil in Iarsmalann na Gaillimhe
Foglaim Chun Cniotáil in Iarsmalann na Gaillimhe E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 07 May 2008

Beidh Mairéad Ní Fhlatharta agus Bríd Ní Chonghaile as Inis Oirr i láthair i Músaem Cathrach na Gaillimhe Dé hAoine seo chugainn chun cúrsa cniotála aon-lae a thabhairt do thosaitheoirí agus dóibh siúd atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gceird.

Tá áiteanna srianta don chúrsa seo, mar sin ní mór áit a chur in áirithe chomh luath agus a féidir.  Cosnóidh an cúrsa €30, ach istigh leis an bpraghas seo beidh olann agus bioráin curtha ar fáil.

Beidh an cúrsa seo ar fáil go dátheangach, agus beidh an bhéim á chur ag Mairéad agus ag Bríd ar na snaímeanna a bhíonn le fáil go coitiannta i ngeansaithe Árann.  Chun áit a chur in áirithe don chúrsa seo ní mór glaoch a chur ar an uimhir 091 532460. 


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Do you think there is enough high quality student accomodation around Galway?