Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Foghlaim faoin sean-nós, le Treasa Ní Cheannabháin
Foghlaim faoin sean-nós, le Treasa Ní Cheannabháin E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 23 January 2008

Beidh Músaem Cathrach na Gaillimhe ag reachtáil cúrsa trí seachtainí, ó Déardaoin 31ú Eanair, ina mbeidh Treasa Ní Cheannabháin ag díriú isteach ar trí cinn d'amhráin mhóra an tsean-nóis. 

Ní gá go mbeadh cumas amhránaíochta ag an té a ghlacfaidh páirt sa gcúrsa seo, ó tharla go bhfuil an cúrsa féin dírithe orthu siúd atá ag iarraidh a thuilleadh a fhoghlaim faoi amhráin ar an sean-nós.  Seo an chéad uair ag Músaem Cathrach na Gaillimhe a bheith ag reachtáil cúrsa dá léithid agus tá sé i gceist ag an Músaem duine de mhór laochra an tsean-nóis a thabhairt isteach gach séasúr chun cúrsa mar seo a reachtáil.

Tosóidh an cúrsa ag a 7i.n, Déardaoin, 31ú Eanair, agus cosnóidh an cúrsa €20 ina iomláine.  Ní mór áit a chur in áirithe roimh réidh tré glaoch a chur ar 091 532460, nó ríomhphost a sheoladh chuig This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it .


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?