Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Faoi Dheireadh Thiar
Faoi Dheireadh Thiar E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 05 March 2008

Cé go raibh tine sa Taibhdhearc mí na Samhna na bliana seo caite, tá Taibhdhearc na Gaillimhe fós i mbun léirithe. Cé nach féidir an amharclann féin a úsáid le haghaidh drámaí a chur ar stáitse, tá sé ar intinn ag Taibhdhearc na Gaillimhe leanacht ar aghaidh le clár ealaíne na bliana agus drámaí a léiriú in amarclanna eile. Tá An Taibhdhearc fíorbhuíoch de gach duine a thug cúnamh agus tacaíocht don amharclann ó tharla an tine.

Tharla an tine go gairid tar éis do Scáth an Oilc, leagan Gaeilge Pheadair Uí Chúláin de The Power of Darkness (an t-aon dráma stáitse a scríobh John McGahern), a theacht chun deiridh. Léirigh Taibhdhearc na Gaillimhe an dráma faoi stiúir Tommy McArdle agus fuair Nuala Hayes ainmniúchán ar ghearrliosta The Irish Times Irish Theatre Awards 2007 don aisteoir is fearr as a páirt mar ‘Baby’.

Beidh an chéad léiriú de chuid na bliana seo á chur ar siúl ag Taibhdhearc na Gaillimhe i Seanscoil Sailearna i mí an Mhárta. Dráma nua-scríofa le Joe Steve Ó Neachtain, Faoi Dheireadh Thiar, a bheidh le feiceáil, á léiriú ag Taibhdhearc na Gaillimhe agus á stiúradh ag Josie Chóilí Óg Ó Cualáin. Tá an dráma seo scríofa ar an múnla céanna le Níor mhaith liom do Thrioblóid, a líon An Taibhdhearc go doras. Is in áras do sheandaoine atá Faoi dheireadh Thiar lonnaithe.

I measc scoth na n-aisteoirí atá páirteach sa léiriú seo, tá Diarmuid Mac an Adhastair (Níor Mhaith Liom do Thrioblóid), Caitlín Ní Chonghaile (Baile an Droichid), Josie Chóilí Óg Ó Cualáin (Ros Na Rún), Brídín Nic Dhonnacha (Aifric), Máire Uí Dhroighneáin (Cré na Cille), Joe Steve Ó Neachtain(Ros Na Rún), agus a bhean chéile Máirín Uí Neachtain (Níor Mhaith Liom do Thrioblóid). Is é Seán Ó Flaithearta a dhear an seit, Pat O’Reilly a dhear an soilsiú , agus Blánaid Ní Nuanáin a dhear na cultacha.

Seolfar leagan clóite den dráma oíche na hoscailte agus beidh an leabhar le ceannach ag an bpobal an oíche chéanna, agus go deimhin na hoícheanta eile a mbeidh an dráma ar siúl i Seanscoil Sailearna.

Lena thuilleadh eolais a fháil nó le ticéid a chur in áirithe, glaoigh ar An Taibhdhearc ag 091-563600.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?