Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Féile Raifteirí 2008
Féile Raifteirí 2008 E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 19 March 2008

Seoladh Féile Raifteirí 28-30 Márta 2008 mar chlabhsúr d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge i mBaile Locha Riach le deireannas. Bhí seisiún ceoil eagraithe Oíche Fhéile Pádraig  agus Meaitie Jó Shéamuis Ó Fátharta is Johnny Connolly mar aoi-cheoltóirí ag an seisiún gaelach.

Tugadh ónóir an seolaidh do Mheatie Jó a bhéas mar dhuine de na aoíonna speisialta a bhéas ag glacadh páirte san fhéile. Ag breathnú ar an chlár, chreid sé go raibh comóradh iontach leagtha amach in ómós Raifteirí ag an choiste eagraithe agus gnéithe ag ceiliúradh na buanna éagsúla a bhí ag an fhile ildánach.

I measc imeachtaí dheireadh na seachtaine 28-30 Márta i mBaile Locha Riach, beidh ceardlanna ag díriú ar an fhilíocht, ar an fhidleoireacht, ar an scríbhneoireacht, ar agallamh beirte is luibíní, ar an amhránaíocht traidisiúnta is ar an tsean-nós agus ar chumadh na n-amhrán fosta. Beidh ciorcail amhránaíochta, seisiúin ceoil is filíochta, léacht ar a shaol is a shaothar agus cuirfear clabhsúr leis an fheile le ceolchoirm mhór.

Tá go leor aoínna speisialta ar an chlár i mbliana, ina measc; Rónán Ó Snodaigh, Joe Burke is Ann Conroy Burke, Charlie Lennon, Paul O Shaughnessy, Claire is Breda Keville, Tim Collins is Claire Griffin, Paul Bradley, Verena Commins, Colm, Finbar is Seosamh Ó Neachtain, Meaitie Jó Shéamuis, Mairéad Ní Fhlatharta, Síle Ní Fhlatharta, Éamonn Ó Donnchadha, Fearghas Mac Lochlainn, Louis De Paor, Ré Ó Laighléis, Seán Mac Aindreasa, Ciarán Ó Coigligh agus Seosamh Mac Donncha.

Cinnte, tá lucht eagraithe iontach sásta as ucht an urraíocht is tacaíocht atá tugtha dóibh ó eagraíochtaí éagsúla mar:  An Comhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin, Baffle, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Conradh na Gaeilge is Gaeilge Locha Riach.

Moltar do dhaoine clárú do na ceardlanna agus ticéidí a fháil don cheolchoirm go luath. Tá a thuilleadh eolais ar fáil ag Gaeilge Locha Riach ag 091 870718 nó ag This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Do you have faith in Galway's water?