Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Féile Chomórtha Joe éinniú
Féile Chomórtha Joe éinniú E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 06 May 2009

D'éirigh go h-iontach le Féile Chomórtha Joe éinniú i gCarna, Conamara, a reachtáladh ar an deireadh seachtaine seo caite. Déanann an fhéile seo, atá ar an bhfód ó 1986, comóradh ar shaol agus ar shaothar ceoil an amhránaí chlúití ón Aird Thoir, a bhásaigh i Seattle, S.A., agus atá curtha ina pharóiste dúchais. Cuimhneachán cúig bhliana fichead a bhí i bhféile na bliana seo mar gur i 1984 a d’éag sé in aois a cheithre bliana agus trí scór.

Image

D'éirigh go h-iontach le Féile Chomórtha Joe éinniú a bhí ar siúl i gCarna, Conamara, idir an 1-3 Bealtaine.

Tugtar tús áite san fhéile don amhránaíocht ar an sean nós agus d’amhránaíocht thraidisiúnta i dteanga ar bith ach cuirtear fáilte freisin roimh an gceol úirlise agus an damhsa.

B'iad príomh imeachtaí an chláir i mbliana ná seisiúin ceoil agus amhránaíochta, ómós speisialta do Dara Bán Mac Donncha a bhásaigh anuraidh, ceardlanna amhránaíochta agus damhsa ar an sean nós, seoladh dlúthdhiosca nua de chuid Rosie Stewart, cuairt ar uaigh Joe éinniú, comórtas amhránaíochta do dhaoine óga, céilí & seiteanna agus ceolchoirm mhór na féile le: Alan McDonald (Alba), Muintir Uí Iarnáin: Marcus, PJ, Domhnaill, Séamus, Proinséas, Breandán & Labhrás, Mick O’Brien agus a chomhluadar, Jimmy ó Ceannabháin, Caoimhín ó Raghallaigh, Seán & Kevin Abeyta, Mick Mulkerrins, Danny O'Mahoney, Patsy Broderick, Conall ó Flatharta & Rónán ó Ceannabháin, Ciarán Somers, Gearóid & Pádraic ó Dubháin, Lillis ó Laoire, Pádraic Tom Pheaits ó Ceannabháin, Mairéad Ní Oistín, Nathan Polatski, Liz & Yvonne Keane.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think the drink driving limit should be changed?
 
Great value beds and mattresses online in Ireland.

Sleep On Savings

Save on-line now with Mattress.ie »

Mattress.ie – a Bedzilla Company
Ireland & UK beds and mattress specialist.
Sealy beds and Sealy mattress stockists.