News
Béal a Phobail
Féile an Dóilín | Féile an Dóilín |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 30 July 2008 | |
|
Sheol láithreoir an clár Féilte ar TG4, Sinéad Ní Loidéain, clár agus suíomh idirlín nua Fhéile an Dóilín ar an gCeathrú Rua an tseachtain. I measc na n-imeachtaí a bheidh dhá reachtáil ar dheireadh seachtaine saoire bainc Lúnasa, beidh oíche speisialta ina ‘spáinfear scannán a déanadh de dheireadh seachtaine Fhéile an Dóilín i 1982, agus labharfar ar an oíche le daoine atá le feiceál ins an scannán. Freisin, beidh ceann de mhór-ócáidí na féile, an Pharáid Seoltóireachta, ar bun arís i mbliana ar an Satharn, 2 Lúnasa, ina mbeidh cead ag an bpobal dul amach ar húicéirí na Gaillimhe, ach seaicéad tarrthála a bheith acu. “Bliain mhór í seo d’Fhéile an Dóilín i gur b’í an chéad uair riamh í an fhéile a bheith dhá reachtáil thar dhá dheireadh seachtaine,” a deir cathaoirleach na Féile, Rónán Mac Con Iomaire. “Beidh féile mara ar bun le linn saoire bainc Lúnasa, agus féile pobail spraoúil againn ón 26-28 Meán Fómhair.” Deir an cathaoirleach gur dul chun cinn mór a bheidh sa dá dheireadh seachtaine, agus go bhfuil go leor den bhuíochas ag dul do thacaíocht atá faighte i mbliana ag Féile an Dóilín ó Údarás na Gaeltachta agus Gaelsaoire. Tá eolas ar na himeachtaí ar fad eile ag www.doilin.com. |
| < Prev | Next > |
|---|