Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Dráma den scoth ag Joe Steve
Dráma den scoth ag Joe Steve E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 12 March 2008

Tá an chéad léiriú de chuid na bliana seo á chur ar siúl ag Taibhdhearc na Gaillimhe i Seanscoil Sailearna faoi láthair - dráma nua-scríofa le Joe Steve Ó Neachtain, Faoi Dheireadh Thiar, a bheidh le feiceáil, atá á stiúradh ag Josie Chóilí Óg Ó Cualáin. Tá an dráma seo scríofa ar an múnla céanna le Níor mhaith liom do Thrioblóid, a líon An Taibhdhearc go doras. Is in áras do sheandaoine atá Faoi dheireadh Thiar lonnaithe. 

I measc scoth na n-aisteoirí atá páirteach sa léiriú seo, tá Diarmuid Mac an Adhastair (Níor Mhaith Liom do Thrioblóid), Caitlín Ní Chonghaile (Baile an Droichid), Josie Chóilí Óg Ó Cualáin (Ros Na Rún), Brídín Nic Dhonnacha (Aifric), Máire Uí Dhroighneáin (Cré na Cille), Joe Steve Ó Neachtain(Ros Na Rún), agus a bhean chéile Máirín Uí Neachtain (Níor Mhaith Liom do Thrioblóid).  Is é Seán Ó Flaithearta a dhear an seit, Pat O’Reilly a dhear an soilsiú , agus Blánaid Ní Nuanáin a dhear na cultacha.

Seolfar leagan clóite den dráma oíche na hoscailte agus beidh an leabhar le ceannach ag an bpobal an oíche chéanna, agus go deimhin na hoícheanta eile a mbeidh an dráma ar siúl i Seanscoil Sailearna.

Lena thuilleadh eolais a fháil nó le ticéid a chur in áirithe, glaoigh ar An Taibhdhearc ag 091-563600.  Beidh an dráma ar siúl go dtí an 14ú Márta.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 1
PoorBest 
< Prev   Next >

Do you think there is enough high quality student accomodation around Galway?