News
Béal a Phobail
Dianchúrsa chun ullmhú d'agallaimh Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht | Dianchúrsa chun ullmhú d'agallaimh Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 24 October 2007 | |
|
Tá dianchúrsa Gaeilge fógraithe ag Conradh na Gaeilge atá dírithe go sonrach ar chéimithe ar spéis leo áit a bhaint amach ar Chúrsa Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht, cúrsa atá á thairiscint ag Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, Coláiste Mhuire, Marino agus Coláiste Phádraig, Droim Conrach. Beidh cáilíocht mar mhúinteoir bunscoile acu siúd a bhaineann ceann scríbe amach ar na Cúrsaí Oiliúna seo agus tá inniúlacht sa Ghaeilge mar chuid riachtanach den cháilíocht atá ag teastáil chun áit a bhaint amach ar na cúrsaí. Is chuige sin atá an dianchúrsa seo á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge, le aird faoi leith ar ullmhúchán a dhéanamh don agallamh a bheidh ar gach iarrthóir a dhéanamh chun áit a bhaint amach ar na Cúrsaí Oiliúna. Beidh béim ar chothú muiníne agus scileanna comhrá a neartú. Mar chuid den chlár beidh cleachtadh ar agallamh a dhéanamh agus cuirfear comhairle ar fáil i ndiaidh an agallaimh. Beidh an dianchúrsa ar siúl Dé hAoine 16 Samhain agus Dé Sathairn 17 Samhain in áras na nGael, 45 Sr. Doiminic. Leanfaidh sé ó 700i.n. go dtí 9.00i.n Dé hAoine agus ó 10.00 r.n.-5.00 i.n. Dé Sathairn le sos lóin. Tá táille €100 ar an gcúrsa. Tá teorainn leis an líon iarrthóirí a ghlacfar ar an gcúrsa seo áfach. Is féidir eolas breise agus foirmeacha clárúcháin a fháil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, Gaillimh, 091 567824 nó This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it Caithfear cláru roimh Dé Céadaoin 7 Samhain. |
| < Prev | Next > |
|---|