Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Dianchúrsa Gaeilge chun ullmhú d'agallaimh na gCúrsaí Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht
Dianchúrsa Gaeilge chun ullmhú d'agallaimh na gCúrsaí Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 17 October 2007

Tá dianchúrsa Gaeilge fógraithe ag Conradh na Gaeilge atá dírithe go sonrach ar chéimithe ar spéis leo áit a bhaint amach ar Chúrsa Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht, cúrsa atá á dtairiscint ag Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, Coláiste Mhuire, Marino agus Coláiste Phádraig, Droim Conrach. Beidh cáilíocht mar mhúinteoir bunscoile acu siúd a bhaineann ceann scríbe amach ar na cúrsaí Oiliúna seo agus tá inniúlacht sa Ghaeilge mar chuid riachtanach den cháilíocht atá ag teastáil chun áit a bhaint amach ar na cúrsaí.

Is chuige sin atá an dianchúrsa seo á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge, le haird faoi leith ar ullmhúchán a dhéanamh don agallamh a bheidh ar gach iarrthóir a dhéanamh chun áit a bhaint amach ar na cúrsaí Oiliúna. Beidh béim ar chothú muiníne agus scileanna comhrá a neartú. Mar chuid den chlár beidh cleachtadh ar agallamh a dhéanamh agus cuirfear comhairle ar fáil i ndiaidh an agallaimh.

Beidh an dianchúrsa ar siúl Dé hAoine 16 Samhain agus Dé Sathairn 17 Samhain in áras na nGael, 45 Sr. Doiminic. Leanfaidh sé ó 700i.n. go dtí 9.00i.n Dé hAoine agus ó 10.00r.n.-5.00i.n. Dé Sathairn le sos lóin. Tá táille €100 ar an gcúrsa.

Tá teorainn leis an líon iarrthóirí a ghlacfaí ar an gcúrsa seo áfach. Is féidir eolas breise agus foirmeacha clárúcháin a fháil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, Gaillimh, 091 567824 nó This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it Caithfear cláru roimh Dé Céadaoin 7ú Samhain.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?