Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Cuir Ainm ar Húicéara Nua na Gaillimhe
Cuir Ainm ar Húicéara Nua na Gaillimhe E-mail
Written by Administrator   
Wednesday, 10 January 2007
Chuir Músaem Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh húicéara nua on gCeathrú Rua nuair a sheoladh lucht déanta an bháid, Pat O Cualáin agus Míchéal MacDonncha, isteach go Gaillimh o Chonamara í an tseachtain seo.
Tá Leas Stiúrthoir an Mhúsaem, Breandán O hEaghra ag lorg cabhrach an phobail chun an húicéara a bhaisteadh:

"Tá an bád le n-ainmniú fos', arsa O hEaghra, 'agus síleann muid gur deá smaoineamh a bheadh ann dá bhfaigheadh muid cabhair on bpobal chun é sin a dhéanamh."

"D'fhéadfadh an t-ainm a bheith i nGaeilge no i mBéarla ach is cinnte gur bhreá linn ainm breá Gaelach a bheith uirthi.  Tá dlúthbhaint ag na báid mhora leis an nGaeltacht agus leis an gceangal atá idir Cathair na Gaillimhe, Conamara agus Árann - bheadh sé go deas ainm a fháil a thabharfadh an traidisiún láidir seo san áireamh.  Is féidir moltaí a sheoladh chuig This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it no i bhfoirm scríbhinn chuig:  Músaem Cathrach na Gaillimhe, An Poirse Caoch, Gaillimh."

Sheol an húicéara ar an 9ú Eanair, agus shroich sí Gaillimh thart ar ama loin.  Togadh on bhfarraige í ag Cé na Gaillimhe agus déanfar roinnt oibre caomhnaithe uirthi sular gcuirfear í ar ais sa Mhúsaem.

Dar le O hEaghra, theastaigh uathu comisiúniú a dhéanadh ar bhád glan as an bpíosa ionas go ndéanfaí clár fáisnéise ar an bproiséas togála.

"Beidh deis anois ag daoine breathnú ar an bproiséas togála sa gclár atá curtha le chéile ag Cian de Buitléar agus ansin an bád féin a fheiceáil amach rompu."

Tá mor ullmhucháin idir lámh faoi láthair chun an taispeántas buan ar fad a chur in eagar sa Mhúsaem agus tuigtear go mbeidh an fhoirgneamh á ath-oscailt i gceann dhá mhí.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Should pit bulls be banned?