Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Cruinniú Comhairliúcháin Phoiblí i nGaillimh
Cruinniú Comhairliúcháin Phoiblí i nGaillimh E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 14 May 2008

Bhí cruinniú poiblí san Ardilaun House Hotel, Gaillimh ag 7.30 i.n., aréir, 13 Bealtaine chun deis a thabhairt don phobal plé a dhéanamh ar na saincheisteanna i ndáil leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.  Is é Pól Ó Gallchóir (Ceannasaí TG4) a bhí mar chathaoirleach ar an cruinniú.

Cuireann Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 cúram ar an Rialtas maidir le straitéis 20 bliain a fhorbairt, bunaithe ar 13 chuspóir, lena n-áirítear:

Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm go hiomlán agus éascaíocht a dhéanamh don phobal maidir lena gcuid cearta an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát

réimse leathan seirbhísí a chur ar fáil do thuismitheoirí ar mian leo a gclann a thógáil le Gaeilge

forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí craolacháin ar ardchaighdeán trí Ghaeilge, go háirithe ar TG4, RTÉ agus Raidió na Gaeltachta

tacaíocht speisialta a thabhairt don Ghaeltacht mar cheantar ina labhraítear Gaeilge, agus

forbairt bhreise a dhéanamh ar oideachas bunleibhéal agus dara leibhéal trí Ghaeilge, comhthreomhar leis an Ghaeilge a theagasc mar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hArdteistméireachta mar aon le cumas labhartha agus scríofa a dhaingniú.

Dúirt an tAire Ó Cuív go raibh sé thar a bheith sásta go bhfuil deis ag an bpobal ionchur a bheith acu sa phróiseas tábhachtach seo.  "Mar a chuir mé in iúl nuair a seoladh Ráiteas an Rialtais, tá súil agam go bhfeicfear an ráiteas seo mar bhunchloch do pholasaí nua ar a mbunófar gníomh praiticiúil don Ghaeilge a bheas bunaithe ar chur chuige nua-aimseartha agus straitéis fhoirfe," a dúirt sé.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Do you think Galway moving into Leinster is a good idea?