Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Cré na Cille i Meiriceá
Cré na Cille i Meiriceá E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 24 October 2007

Ón chéad taispeántas do "Cré na Cille" mí na Nollag seo caite i nGaillimh tá aitheantais náisiúnta agus idirnáisiúnta faighte ag an scannán Gaeilge.

Tá "Cré na Cille" imithe i bhfeidhm go mór ar mholtóirí ar fud an domhain. Bhí an gné-scannán lánfhada roghnaithe don chomórtas Jin Jue ag an Shanghai International Film Festival mí Meitheamh 2007.

Beidh an scannán, ón gcomhlacht ROSG, á thaispeáint don chéad uair ag an 9ú Magners Irish Film Festival i mBostún an mhí seo chugainn.

Tá ríméad ar léiritheoir an scannán Ciarán ó Cofaigh go bhfuil ag éirí chomh maith leis an scannán agus go bhfuil scannán éireannach, i nGaeilge i lár an aonaigh i bhféile scannáin i Meiriceá. "Is mór an onóir a bheith páirteach i bhféile scannán a dhéanann ceiliúradh ar éirinn agus na héireannaigh ar an scaileán', a deir ó Cofaigh.

Is scéal dorcha lonnaithe i reilig i gConamara é "Cré na Cille", faoin éad is faoin bhfuath atá ag beirt deirfiúracha dá chéile, coimhlint a théann in olcas le haois, agus a leantar de fiú san athshaol. Anuraidh rinneadh scannánú in áiteanna éagsúla thart timpeall ar Chonamara. Taispeánfar "Cré na Cille" Dé Sathairn an 10ú Samhain ag 5:00i.n. ag an Harvard Film Archive i mBostún.

Rinne TG4, scéim Sound and Vision faoi Choimisiún Craolacháin na héireann, Alt 481 agus an Roinn Gnothaí Pobal Tuaithe agus Gaeltachta cómhaoiniú ar "Cré na Cille".

Faoi láthair tá "Cré na Cille" á theaspáint thart timpeall na héirinn ag Féilte scannáin éagsúla. Beidh sé á theaspáint sa Daingean Dé Luain an 29ú Deireadh Fómhair mar chuid do Samhlaíocht Féile Scannán Ciarraí.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?