Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Comhluadar na Nollag
Comhluadar na Nollag E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 02 January 2008
Image

Cuid de na p?ist? a bh? ag C?isir na Nollag le Comhluadar ag Feirm na bPeata?, Tuair Rua, Baile Locha Riach.

“Ná ceap nós is ná bris nós” a deir an seanfhocal agus is amhlaidh atá an scéal leis na teaghlaigh gaelacha i gcomharsanacht Locha Riach. Tháinig teaghlaigh Ghaelscoil Riabhach ó Bhaile Locha Riach le chéile don tríú bhliain i ndiaidh a chéile ag Feirm na bPeataí, Tuair Rua le cóisir iontach a cheiliúradh.

Bhí na páistí ábalta a bheith ag súgradh is ag spraoi ag na caisleáin súgartha, cuairt a thabhairt ar ar mhainséar ‘beo’, picnic beag a bheith acu féin is tamaill a chaitheamh ina gcuideachta ceolmhar féin.

Tuigtear nach bhfaca cuid de na páistí Daidí na Nollag go dtí go raibh siad ag an chóisir seo. Gan amhras, thapaigh siad an deis litreacha s’acusan a chur i gcuimhne dó... ar eagla go ndéanfadh sé dearmad cad a bhí uathu ar an lá mhór.

Tuigtear go mbíonn an fear feasógach ag taisteal ar fud na cruinne agus is iontach an méid teangacha atá foghlamtha aige thar na blianta... caithfidh a admháil go bhfuil feabhas iontach tagtha ar a chuid Gaeilge chomh maith agus é ag freastal ar ranganna oíche ar an Mhol Thuaidh.

Is cinnte gur bhain idir pháistí agus tuismitheoirí an-sult as imeachtaí an lae.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?