Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta ag dul leis 'An Ghaeilge'
Comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta ag dul leis 'An Ghaeilge' E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 30 July 2008

Tá roinnt comhlachtaí móra náisiúnta agus idirnáisiúnta, ag tapú na deise agus ag úsáid na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe le tamall anuas, dar le ráiteas oifigiúil ó Ghaillimh le Gaeilge.

Tá athbhrandáil á déanamh in Aerfort na Gaillimhe faoi láthair agus tá an Ghaeilge in úsáid mar chuid den bhrandáil nua sin. Osclaíodh ‘Siopa Bronntanas’ nua le comharthaíocht i nGaeilge in airde air. Dúirt Michael Maloney, Bainisteoir Margaíochta an Aerfoirt: “Tá suíomh uathúil agus tréith uathúil ag Gaillimh de bharr go bhfuil sí suite in aice leis an nGaeltacht agus ó tharla go bhfuil an Ghaeilge in úsáid ansin. Cuireann na fachtóirí seo deiseanna faoi leith ar fáil d’Aerfort na Gaillimhe. Is féidir linne a chur in iúl do thurasóirí, go bhfuil siad in áit éigin difriúil a luaithe a thagann siad ó bhord an eitleáin.”

Tá an comhlacht ‘déan tú féin é’, B & Q a tháinig go Gaillimh anuraidh, tar éis comharthaíocht dhátheangach a chur in airde ina siopa i bPáirc Ghnó an ‘Galway Gateway’. Tá comhartha dátheangach ag fáiltiú na gcustaiméirí agus ceann eile ag gabháil sláin leo, mar aon le comharthaíocht dhátheangach a bheith i chuile rannóg sa siopa. Dúirt an Bainisteoir Seirbhíse Paul Molloy gur úsáid B & Q an Ghaeilge toisc go raibh sé ag iarraidh an réigiún ina raibh sé ag feidhmiú, a léiriú: “Táimid lonnaithe ar bhruach na Gaeltachta in Iarthar na hÉireann. Mheas muid go raibh sé tábhachtach é seo a chur san áireamh agus aitheantas a thabhairt dó agus sinn ag lonnú anseo. Tugann sé deis dúinn chomh maith seasamh amach ó chomhlachtaí idirnáisiúnta eile atá ag feidhmiú in Éirinn.”

Is comhlacht Éireannach é Penny’s atá i nGaillimh le fada an lá. Rinneadh athchóiriú ar an siopa in ionad Siopadóireachta na Faiche Móire le déanaí agus tá an Ghaeilge le feiceáil ar an gcomharthaíocht sa siopa nua. Dúirt an Bainisteoir ar Oibríochtaí Paul Seagrave: “Tá ag éirí thar cionn leis an Siopa nua agus tá an Ghaeilge ina cuid den rath seo. Tá an-chuid custaiméirí dílse againn ón nGaeltacht agus is mian linn freastal a dhéanamh orthu.”

“Oibríonn Gaillimh le Gaeilge go teagmhálach le heagraíochtaí gnó agus gnólachtaí aonracha, chun a chinntiú go bhfásann an Ghaeilge ina teanga ghnó. Táimid sásta go bhfuil comhlachtaí aitheanta ar nós B & Q, Penny’s agus Aerfort na Gaillimhe ag úsáid na Gaeilge ar a gcuid comharthaíochta agus ag cur le cruthú íomhá dátheangach do chathair na Gaillimhe. Léiríonn sé go bhfeiceann na comhlachtaí seo an buntáiste eacnamaíoch a bhaineann leis an Ghaeilge," arsa Gearóidín Ní Ghioballáin, Bainisteoir Tograí Ghaillimh le Gaeilge: "Feiceann siad an dea-thoil a chothaíonn úsáid na Gaeilge i measc Ghaeilgeoirí agus go deimihin, ina measc siúd nach labhraíonn an Ghaeilge. Tugann an Ghaeilge uathúlacht agus luach faoi leith do tháirge agus tarraingíonn sí aird dhearfach ar an gcomhlacht a úsáideann í a deir sí”


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?