Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Comhartha d'Ardchaighdeán sa Dátheangachas seolta ag Méara na Gaillimhe
Comhartha d'Ardchaighdeán sa Dátheangachas seolta ag Méara na Gaillimhe E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 13 February 2008
Image

Sheol Méara na Gaillimhe, an Comhairleoir Tom Costello, 'Séala Oifigiúil Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh', ag preasócáid Déardaoin seo caite 31 Eanáir 2008 ag 12.30in. in Árus Chumann Tráchtála na Gaillimhe. D'fhorbair Gaillimh le Gaeilge an 'Séala' i gcomhar lena gcomhpháirtithe nua; Bord Fiontar Contae agus Cathrach na Gaillimhe agus is comhartha ar ardchaighdeán agus sármhaitheasa sa dátheangachas atá anseo do bhuaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh - a bheidh le feiceáil ar a gcuid stáiseanóireachta, bróisiúr agus ar a láithreáin ghréasáin i ndiaidh dóibh buachan. Ba thús í an ócáid seo le ceiliúradh ar 21 bhliain d'aois i ngnó do Ghaillimh le Gaeilge!

Ag seoladh an 'Séala' dó, rinne Méara na Gaillimhe comhghairdeas le Gaillimh le Gaeilge ar a 21 bliain i ngnó i gcathair na Gaillimhe. Mhol sé a gcion tairbhe luachmhar d'íomhá cultúrtha, uathúil na Gaillimhe'. 'Is féidir an méadú ar úsáid na Gaeilge i measc gnólachtaí i nGaillimh a fheiceáil i gcomharthaíocht, ar logainmneacha agus i ngnáthimeachtaí gnó sa chathair agus mórthimpeall.' Nuair a bhí sé ag labhairt ar Dhuais Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh fhéin, dúirt sé 'go deimhin, is ócáid thábhachtach í an Duais seo i bhféilire imeachtaí na Gaillimhe. Is duais í a thugann aitheantas do agus a cheiliúrann cuideachtaí agus eagraíochtaí dátheangacha na Gaillimhe. Is comhpháirt thábhachtach de chuid Dhuais Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh í forbairt an 'Séala'. Neartóidh agus treiseoidh sí cáil an Ghradaim, mar an ceann is fearr sa dátheangachas.' Chríochnaigh sé leis an ráiteas 'Tá sé tábhachtach go leanfaimis ar aghaidh ag forbairt agus ag cothú ár n-íomhá uathúil. Tá áthas orm faoina hiarrachtaí atá ar siúl faoi láthair idir Comhairle Cathrach na Gaillimhe, an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Gaillimh le Gaeilge chun Stádas Dátheangach a ghnóthú do chathair na Gaillimhe. Leanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar aghaidh ag tacú le hobair Ghaillimh le Gaeilge maidir le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn, i ngach bealach is féidir linn. Guím gach rath ar Ghaillimh le Gaeilge sna blianta romhainn.'

Rinneadh Forbairt ar an Séala i gcomhar le Bord Fiontar Contae agus Cathrach na Gaillimhe. Labhair Príomhfheidhmeannach an Bhoird, an tUasal Charles Lynch ar a son. 'Tá tuilleadh agus tuilleadh fostóirí, ag freagairt do shúilíocht ag méadú a dtomhaltóirí - sna hearnálacha poiblí, príomháideacha agus deonacha - ar fud na hÉireann agus go mór mór i nGaillimh, ag cur eolais ar na buntáistí a bhaineann le húsáid na Gaeilge, bíodh sin ar chomharthaíocht, nó ag cur seirbhíse ar fáil i nGaeilge. Is uirlis mhargaíochta thábhachtach í an Ghaeilge. Tugann sí deis do ghnólachtaí iad féin a chur chun cinn, aitheantas a ghnóthú, a mBunús Gaelach a chur ós comhair an phobail agus freisin luach a chur leis an táirge atá siad a dhíol. Tá áthas orainn bheith i gcomhlachas le Duais Ghradam Sheosaim Uí Ógartaigh agus guímid go leanfaidh an rath di.

Ag labhairt di faoin fhorbairt nua, chuir Joe Greaney, Leas- Chathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, fáilte roimh thacaíocht Bhord Fiontar Contae & Cathrach na Gaillimhe. "Is iontach an rud é go bhfuilimid ábalta comhartha cosúil le 'Séala Oifigiúil Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh' a fhorbairt ag an luathphointe seo d'fhorbairt an Ghradaim. Is de bharr thacaíocht luachmhar Bhord Fiontar Cathrach agus Contae na Gaillimhe atá seo amhlaidh. Táimid 21 bliain i ngnó i mbliana. Tá go leor athruithe agus forbairt feicthe againn go léir i rith an ama sin, roinnt go maith agus roinnt go holc. Mar sin féin, d'éirigh leis an Ghaillimh a huathúlacht agus a cáil mar chathair do na hEalaíona & an Chultúr, Ceol Traidisiúnta agus an Ghaeilge a choimeád. Mar atá a fhios ag go leor agaibh, tá Stádas Dátheangach a ghnóthú do Chathair na Gaillimhe, ar cheann d'aidhmeanna Ghaillimh le Gaeilge. Creidimid go dtarraingeoidh Stádas Oifigiúil Dátheangach aird náisiúnta agus idirnáisiúnta ar Ghaillimh, mar áit uathúil chun cónaí inti agus do chuartaíocht. Neartóidh sé cáil na Gaillimhe mar áit ina muirnítear agus a bhfuil meas ar chultúr dúchais, na healaíona, ceol agus teanga. A muintir ag tabhairt aitheantais don áit óna dtáinig sí agus don rud atá tábhachtach dóibh, de réir mar a fhorbraíonn an chathair don todhchaí. Tá sé tábhachtach go nglacaimid go léir freagracht as forbairt ár gCathrach don todhchaí agus go dtacaímid gach tionscnamh a neartaíonn a cáil mar Chathair na nEalaíon & an Chultúir'.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Are you worried about using your credit/debit cards?