News
Béal a Phobail
Comórtais Sheachtain na Gaeilge- Torthaí Locha Riach | Comórtais Sheachtain na Gaeilge- Torthaí Locha Riach |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 14 May 2008 | |
|
Ba mhaith le ‘Gaeilge Locha Riach’ comhghairdeas a ghabháil le gach aon duine a ghlac páirt i gcomórtais Sheachtain na Gaeilge in Oirthear na Gaillimhe. Bhí breis agus 300 páirteach sa chomórtas ealaíne bunaithe ar sheanfhocail agus beagnach céad dán scríofa don chomórtas filíochta. An ealaíontóir is fearr idir Rang 5 agus 6 ó Scoil Íde Naofa i nduaiseanna Chomórtais Sheachtain na Gaeilge i mBaile Locha Riach ba ea Dalia Skalitzer ó Rang 6 lena múinteoir Aoife Nic Gabhann agus Pádraig Mac Giolla Cumhaill, Príomhoide na Scoile. Tá ‘Gaeilge Locha Riach’ iontach buíoch do Chomhar Creidmheasa Naomh Breandáin as urraíocht fláithiúil a chur ar fáil do na comórtais seo. Tháinig iarratais don comórtas ealaíne ó Scoil Bhreandáin Naofa, Scoil Íde Naofa agus ó Ghaelscoil Riabhach. Sa chomórtas ealaíne bunaithe ar sheanfhocail, roghnaigh na moltóirí na buaiteoirí seo a leanas: Daniel Fahy Scoil Bhreandáin Naofa, Mart Bernard Centeno Scoil Bhreandáin Naofa, Jade Ní Thiarnaigh, Gaelscoil Riabhach, Marcin Calak, Scoil Bhreandáin Naofa, Dalia Skalitzer, Scoil Íde Naofa, Roibeard Mac Cuirtín, Scoil Bhreandáin Naofa. Rinne Tamas Peterváry, moltóireacht ar an chomórtas filíochta go háitiúil. Bhí trí rannóg faoina chúram aige. Tháinig formhór na ndánta ó Scoil Bhreandáin Naofa agus ó Ghaelscoil Riabhach. Ba iad na buaiteoirí a roghnaigh sé sa deireadh ná: Caoilte Ó Baoill, Gaelscoil Riabhach, Muireann Ní Bhaoill, Gaelscoil Riabhach, Zach Ó hAodha, Scoil Bhreandáin Naofa, Jason Ó Gríofa, Scoil Bhreandáin Naofa agus Aindriú Ó Riain, Scoil Bhreandáin Naofa. Bronnadh duaiseanna speisialta ar na buaiteoirí áitiúla agus cuireadh gach uile iontráil ar aghaidh go Baile Átha Cliath do chomórtais náisiúnta Sheachtain na Gaeilge, áit a dhéanfar moltóireacht as an nua ar an iomlán. Ní fios ach seans go mbeidh buaiteoirí náisiúnta againn ó Bhaile Locha Riach. |
| < Prev | Next > |
|---|