|
Colette Nic Aodha sa Mhúsaem. |
|
|
Written by Administrator
|
|
Wednesday, 05 September 2007 |
|
Beidh an file Colette Nic Aodha ag léamh ón dá chnuasach filíochta is déanaí dá cuid, 'Bainne Géar' agus 'Sundial', i Músaem Cathrach na Gaillimhe, Dé hAoine seo chugainn, ar a h-aon a chlog.
Tá trí chnuasach filíochta agus leabhar gearrscéalta foilsithe ag Colette le blianta beaga anuas agus an-cháil bainte amach aici as a stíl géar agus amannta, greannmhar. Tá saothar léi le fáil sa Field Day Anthology of Irish Writing, agus freisin sa mbailiúchán ar a dtugtar An Bhileog Bhán.
Beidh an ócáid sa mhúsaem ag cur leis na h-ócáidí eile atá eagraithe ag fílí na Gaillimhe le roinnt seachtainí anuas. Cuirtear fáilte roimh íocaíocht de €5 as a bheith i láthair ag an ócáid.
Comments () » |
 |
|