News
Béal a Phobail
Coláiste Samhraidh Aodáin | Coláiste Samhraidh Aodáin |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 02 April 2008 | |
|
Áiteanna ar fáil fós do chúrsa B&C. Cé go bhfuil an chéad chúrsa lán, tá áiteanna ar fáil fós do chúrsa B agus C i gColáiste Samhraidh Aodáin, ar an Tuairín, An Cheathrú Rua. Seo an dara bliain ar an bhfód don choláiste áirithe seo a chuireann an bhéim ar fhorbairt phearsanta an pháiste tré mhéan na Gaeilge. Anois agus a thuilleadh marcanna ar fáil don scrúdú béil is léir go bhfuil tábhacht níos mó ná riamh leis na Coláistí Samhraidh Gaeilge. Dar le meastúcháin na bliana seo caite d'fhreastal suas le 40,000 dalta ar Choláistí Samhraidh ó Dhún na nGall go Ciarraí. Cuireann Coláiste Aodáin an bhéim ar chúrsaí spóirte, ealaíne, ceoil agus damhsa, ionas go mbainfidh an dalta an oiread spraoi agus a féidir as a gcuid ama sa Ghaeltacht. Leis an gcéad chúrsa lán cheana féin, agus spásanna á líonadh go tapaidh do chúrsaí B & C, tá an coláiste ag fógairt nár mhór áit a chur in áirithe chun luath agus a féidir. Chun a thuilleadh eolais a fháil i dtaobh na gcúrsaí seo is féidir dul ar an suíomh idirlín ag www.colaisteaodain.com nó glaoch a chur ar an uimhir 044 9349102. |
| < Prev | Next > |
|---|