Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Cnuasach nua gearrscéalta
Cnuasach nua gearrscéalta E-mail
Written by Administrator   
Wednesday, 31 January 2007
Cúig ghearrscéal is fiche atá sa chnuasach nua Gearrscéalta ár Linne a thabharfaidh blaiseadh don léitheoir den saibhreas atá le fáil sa ghearrscéal comhaimseartha Gaeilge agus a thugann ardán do chuid de na gearrscéalaithe is fearr atá ag saothrú sa ghort sin.

Tá bá faoi leith léirithe ag scríbhneoirí Éireannacha le seánra an ghearrscéil le fada agus is mor, mar sin, an dúshlán a chuir an t-eagarthoir Brian O Conchubhair roimhe leis an saothar is fearr acu a roghnú. Tá ardchaighdeán agus an-éagsúlacht sa chnuasach seo atá mar thoradh ar a chuid oibre, o fhantaisíocht Mhichíl Uí Chonghaile go saothair níos traidisiúnta o Phádraic Breathnach, le scríbhneoirí oga amhail Daithí O Muirí chomh maith le scríbhneoirí aitheanta amhail Alan Titley, san áireamh.

Rogha de na gearrscéalta is fearr i nGaeilge a foilsíodh le tríocha bliain anuas atá sa chnuasach seo.Cúig ghearrscéal is fiche atá sa chnuasach in iomlán a thabharfaidh blaiseadh don léitheoir den saibhreas atá le fáil sa ghearrscéal comhaimseartha Gaeilge agus a thugann ardán do chuid de na gearrscéalaithe is fearr atá ag saothrú sa ghort sin. Is é cuspoir an leabhair cur amach ar an ngearrscéal comhaimseartha Gaeilge a thabhairt do léitheoirí agus iad a spreagadh chun filleadh ar na bunchnuasaigh.

I measc na n-údair sa leabhar seo tá: Pádraic Breathnach, Biddy Jenkinson, Séamas Mac Annaidh, Seán Mac Mathúna, Siobhán Ní Shúilleabháin, Pádraig O Cíobháin, Dara O Conaola, Micheál O Conghaile, Daithí O Muirí, Joe Steve O Neachtain, Pádraig O Siadhail, Gabriel Rosenstock, Dáithí Sproule agus Alan Titley.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gcnuasach o Chlo Iar-Chonnachta o 091 593307.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Do you think Galway moving into Leinster is a good idea?