News
Béal a Phobail
Cnuasach nua filíochta le Dairena Ní Chinnéide Seolta sa Mhúsaem | Cnuasach nua filíochta le Dairena Ní Chinnéide Seolta sa Mhúsaem |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 30 April 2008 | |
|
Sheol an file Gabriel Rosenstock cnuasach nua filíochta le Dairena Ní Chinnéide, Máthair an Fhiaigh/The Raven’s Mother, le linn Fhéile Litríochta Cúirt i Músaem Cathrach na Gaillimhe, Dé hAoine seo caite. Seolfaidh Gabriel Fitzmaurice an leabhar ina dhiaidh seo le linn Fhéile na Bealtaine sa Daingean, ar an Déardaoin 1 Bealtaine ag 4.30 i.n. i dTábhairne Uí Fhlatharta. Is as Corca Dhuibhne do Dhairena Ní Chinnéide agus is é seo an dara cnuasach filíochta aici. Tugadh ardmholadh do An Trodaí/The Warrior, a céad chnuasach, nuair a foilsíodh i 2006 é. Tugtar athchuairt ar chuid de na téamaí céanna sa dara cnuasach seo – grá an fhile dá ceantar dúchais agus a saol lena mac óg, mar shampla, agus cuirtear an carachtar An Trodaí inár láthair an athuair, leis. Tá téamaí nua ann chomh maith agus tionchar a cuid oibre i bParlaimint na hEorpa agus an taisteal a bhíonn i gceist leis sin le sonrú go láidir i saothar an fhile. Thosaigh sí ar a cuid oibre ansin ag tús 2007, duine de dheichniúr ateangairí atá ag obair i bParlaimint na hEorpa ó rinneadh teanga oifigiúil den Ghaeilge san Aontas Eorpach. Seachtain oibre sa mhí atá i gceist agus taitníonn an obair go mór léi, go háirithe mar go dtugann sé deis di neart ama a chaitheamh i mbun pinn. Rugadh agus tógadh Dairena gCorca Dhuibhne i gCiarraí. Rinne sí bunchéim sa chumarsáid in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus chaith sí roinnt mhaith blianta ina dhiaidh sin ag obair sna meáin, seal ag obair mar iriseoir nuachta i Raidió na Gaeltachta san áireamh. Rinne sí iarchéim san aistriúchán in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá sí ag obair anois mar ateangaire i bParlaimint na hEorpa. Ainmníodh í ar an ngearrliosta le haghaidh Duais Filíochta Bhéal Átha na mBuillí 2005 agus Duais Rupert agus Eithne Strong 2007. Tá cónaí uirthi i mBaile an Fheirtéaraigh lena mac Jeaic. |
| < Prev | Next > |
|---|