Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Cnuasach nua filíochta ag Cathal O Searcaigh
Cnuasach nua filíochta ag Cathal O Searcaigh E-mail
Written by Administrator   
Wednesday, 07 February 2007
Gúrú i gClúidíní is teideal do chnuasach nua filíochta o Chathal O Searcaigh.

Is é seo an chéad chnuasach nua on bhfile Conallach le sé bliana agus tá a shainstíl le sonrú go smior síos tríd, mar a bhfuil tionchar Neipeal ar a shaothar, leis. Braitheann O Searcaigh gur thug sé leis an chuid is fearr ona shaothair eile sa chnuasach seo agus téamaí mora na teanga, na háite agus an dúchais chun cinn ann, ach go bhfuil forbairt déanta aige chomh maith ar an réimse mothúchán atá san áireamh sna dánta.

Deir O Searcaigh féin faoin gcnuasach seo:

Cé go bhfuil spiorad an tsolais sa duanaire seo tá imní fan dorchadas á léiriú go láidir ann fosta. Tig na dánta seo as duibheagán an doláis, amhráin bheaga a chanann crá an chroí. Tá níos mo d'uamhan an aonaráin agus de bhuairt an tsaoil iontu, sílim, ná mar a gheofá de ghnáth i mo shaothar. Tá ualach na beatha ina luí orthu níos troime ná mar a braitheadh ar mo dhánta go dtí seo; tuiscint go bhfuil muid uilig inár n-aonaráin amuigh i mbéal an uaignis, amuigh ansin ar aghaidh na síoraíochta, is cuma cé chomh dlúth agus atá ár gcaidreamh lenár gcairde, lenár gcomharsain, lenár gcomhdhaoine. Sin é ár ndán, mar a déarfá, ár gcinniúint dhaonna.

Beidh Cathal ag léamh mar chuid den tsraith 'Out to Lunch' in Ionad na Scríbhneoirí ar Chearnog Pharnell i mBÁC, Dé hAoine 2 Feabhra ag 1.15 i.n. Seolfar Gúrú i gClúidíní Déardaoin 1 Márta sa Unitarian Church ar Fhaiche Stiabhna ag 6.30 i.n. Fáilte roimh chách.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gcnuasach o Chlo Iar-Chonnachta o 091 593307.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Do you think Galway moving into Leinster is a good idea?