Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Cnuasach Amhrán le Ciarán Ó Fátharta
Cnuasach Amhrán le Ciarán Ó Fátharta E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 07 May 2008

Ciarán Ó Fátharta - Amhráin is teideal do chnuasach nua d’amhráin Chiaráin Uí Fhátharta, curtha in eagar ag Síle Denvir agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta.

Image

Beidh an leabhar, Ciarán Ó Fátharta - Amhráin, á sheoladh ar an 23ú Bealtaine in Óstán an Cheathrú Rua.

Is as an Máimín i Leitir Móir do Chiarán Ó Fátharta, agus tá cónaí air anois ar an gCeathrú Rua.  Is láithreoir raidió é le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá sé an-ghníomhach chomh maith i gcúrsaí peile i gConamara.  Bailiúchán dá chuid amhrán atá anseo, 31 amhrán san iomlán chomh maith le hagallamh beirte amháin.

Tá na hamhráin seo beo i mbéal an phobail le fada agus iad le cloisteáil go minic ar an raidió, á gcasadh ag ceoltóirí éagsúla, leithéidí John Beag Ó Flatharta, Beairtle Ó Domhnaill, Cillín, Duirling agus Ann Marie Nic Dhonncha, ach is é seo an chéad uair a bhfuil fáil ar leagan an scríbhneora de na hamhráin uilig in aon chnuasach amháin.

Is in ochtóidí an chéid seo caite a tháinig borradh faoi na hamhráin nuachumtha den chinéal seo i gConamara den chéad uair agus thug siad ardú croí agus meanman do chách tráth a raibh eacnamaíocht na tíre i ndroch-chaoi.  Déanann siad ceiliúradh ar thraidisiúin, ar phearsana agus ar imeachtaí áitiúla agus náisiúnta, mar shampla, traidisiún na badóireachta i gConamara, an dornálaí Seán Ó Mainnín agus drochstaid na mbóithre.  Is meascán den stíl cheol tíre agus den stíl sean-nóis atá sna hamhráin seo, stíl a dtugtar Gaelcheol tíre air, atá an-láidir i gConamara go fóill

Ar na hamhráin atá sa bhailiúchán seo tá ‘Amhrán na mBáid Mhóra’, ‘Amhrán Ráth Cairn’, ‘An Séipéilín’, ‘Bearáilte’, ‘Brig St. John’, ‘Maggie Thatcher’ agus ‘Exhaust Pipe’.  Tá na focail, nodaireacht an cheoil agus cúlra na n-amhrán san áireamh sa leabhar, chomh maith le réamhaiste faoin bhfilíocht bhéil i gConamara. Tá Ciarán Ó Fátharta - Amhráin ar fáil ó shiopaí leabhar agus ó www.cic.ie.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Enter our competition to win a pair of tickets to the Galway Races
Enter our competition to win helicopter flights to the Galway Races
Will increased flight prices deter you from going abroad this summer?