News
Béal a Phobail
Club Léitheoireachta Gaeilge | Club Léitheoireachta Gaeilge |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 09 January 2008 | |
|
Tá Músaem Cathrach na Gaillimhe ar thóir dhaoine ar suim leo níos mó leabhra i nGaeilge a léamh. Ó d'oscail an Músaem a shiopa leabhair Gaeilge le gairid tá an-iarracht á dhéanamh chun a thuilleadh léitheoirí Gaeilge a mhealladh isteach san áit ina bhfuil Sean Phádraig lonnaithe. Tá an Músaem é féin suite taobh thiar den Phóirse Caoch, i gceantar stairiúil, leasmuigh de sheanbhalla na Cathrach. Níl táille ar bith isteach sa mhúsaem agus tá deis ag an bpobal tae/caifé a bheith acu i gcaifé an iarsmalainn. Is féidir le duine ar bith gur spéis leo bheith páirteach sa gclub léitheoireachta scairt a chur ar an músaem ag 091 532464, nó tré ríomhphost a chur ag This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it . |
| < Prev | Next > |
|---|