Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Cleamhairí Locha Riach
Cleamhairí Locha Riach E-mail
Written by Administrator   
Wednesday, 10 January 2007
D'éirigh go hiontach le Cleamhairí Locha Riach seo pléisiúrtha a chur ar siúl le linn tréimhse na Nollag.

Bhí taispeántas breá gaelach i mbliana acu go háirithe ina raibh damhsa de gach sort ann; rince seit, ríleanna, jigeanna is damhsa ar an tsean nos. Bhí idir dhrámaíocht, amhránaíocht, scéalaíocht, siamsaíocht, craic is ceol sa taispeántas a léirigh siad.

Bhí an seo bunaithe ar nosanna na gCleamhairí agus dírithe ar nosanna a chur tús leis na traidisiúin ar fad: Scéalta ar an Dreoilín mar 'Rí na nÉan', amhráin, ceol is damhsaí bunaithe ar éanacha.

Chuaigh na Cleamhairí ar camchuairt thart ar Otharlann Naomh Breandáin i mBaile Locha Riach agus ghlac siad páirt i bhFéile na gCleamhairí i gCnoc Breac, Co.na Gaillimhe, Nollaig na mBan. Ochtar déag a bhí páirteach leis na Cleamhairí i mbliana. Thug na moltoirí aitheantas ar leith do Tommy Moran as an damhsa ar an tsean nos a rinne sé ar bhairille. Tá iarratas faighte ag na Cleamhairí taispeántas eile a léiriú sa bhaile doibh siúd a chaill an deis iad a fheiceáil thar thréimhse na Nollag. Is cosúil nach miste leo am breise a chur leis an fhéile

Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Would you trust the cancer services in this country?