Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Clár nua litríochta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Clár nua litríochta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 17 September 2008

Léite Pléite is teideal do chlár nua litríochta atá á chur i láthair ag Mícheál Ó hUanacháin gach Satharn ag 8.30 i.n. ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar chuid de sceideal nua an fhómhair.

Scoth na nuascríbhneoireachta Ghaeilge a bheidh faoi chaibidil ar an ngné-chlár seo ina mbeidh tuairimí, léirmheasanna, agallaimh, dréachta nuafhilíochta agus nuaphróis le cloisteáil. Coinneofar súil ar imeachtaí na bhfoilsitheoirí, leis, gan trácht ar na heagarthóirí irise. Beidh suim ar leith ag an gclár i saothair na scríbhneoirí nua atá ag teacht chun cinn. Tá sé i gceist go mbeidh sain-eagráin den chlár ann tráth imeachtaí móra liteartha, mar shampla fógairt bhuaiteoirí chomórtais liteartha an Oireachtais.

File, critic agus iar-Eagarthóir ar phríomh-iris liteartha na Gaeilge, Comhar, is ea Mícheál Ó hUanacháin. Tá trí chnuasach nua filíochta leis foilsithe ó chasadh na Mílaoise i leith: Tráchtaireacht ar na Cluichí Móra (An Clóchomhar, 2000), dánta.com (Coiscéim, 2005) agus Damhsa Rúnda (Coiscéim, 2008). Iriseoir nuachta agus cúrsaí reatha le RTÉ le fada é, áit a raibh sé ina thuairisceoir agus ina láithreoir don chlár iomráiteach Féach tamall, agus mar a bhfuil sé anois ag plé le tuairisceoireacht nuachta don láthair idirlín, RTÉ.ie.

Thosaigh Léite Pléite cúpla seachtain ó shin agus beidh sé le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Satharn ag 8.00 i.n as seo amach.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?