Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Chernobyl, Áthas agus CLG.
Chernobyl, Áthas agus CLG. E-mail
Written by Administrator   
Wednesday, 05 September 2007

Tháinig an grúpa Áthas le chéile i mBaile Locha Riach le fáilte Uí Cheallaigh a chur roimh rothaithe a bhí ar camchuairt ar fud na hÉireann le airgead a bhailiú ar son ‘Chernobyl Children’s Project Ireland’. Cuireadh tae, brioscaí agus smailceanna bia ar fáil dóibh siúd ar na rothair.  

Image
B’as Cill Chainnigh na rothaithe agus d’éirigh leo suim s’acu sa rothaíocht a nascadh lena spéis sna cluichí gaelacha ar mhaithe le tacaíocht agus aird a tharraingt ar cúis is deacrachtaí pháistí Chernobyl.

Bhí turas speisialta eagraithe acu mórthimpeall Éireann uile ina raibh triúr ar rothair is duine amháin ag tiomáint. Bhí siad ag gabháil thart ar phríomhpháirceanna na gCúigí roimh cluiche ceannais iomána na hÉireann. Thosaigh siad i bPáirc Naomh Tiernach i gCluain Eois, Cúige Uladh sula ndeachaigh siad ar aghaidh go Páirc Mhic hÉil i gCaisleán a’ Bharraigh, Connacht.

D’fhan siad thar oíche i mBaile Locha Riach, áit ina raibh roimh-chruinniú ag Micheál Ó Cíosóg 15 Lúnasa 1884 sular bunaíodh CLG. As Baile Locha Riach ar aghaidh go Staid Semple i Dúrlas, Cúige Mumhan agus ina dhiadh sin, lean siad ar aghaidh go Páirc a’ Chrocaigh i mBaile Átha Cliath le tacaíocht a thabhairt don fhoireann iománaíochta i gcluiche ceannais na hÉireann. Mar a tharla sé, nuair a bhí siad ar cuairt ar na páirceanna seo, bhí deis acu cúilíní a scoráil le sliotar agus le liathróid peile. Gan amhras, bhí turas ar leith acu ar a mbealach go cluiche ceannais na hÉireann... seans go mbeidh dream as Co. Luimnigh ag eagrú turas dá leithéid ar an bhliain seo chugainn.

Tá rothaithe Chill Chainnigh agus Áthas as Baile Locha Riach beirt ina mball de ‘Chernobyl Children’s Project’ atá eagraithe ar fud na hÉireann. Ghlac siad páirt i scéim speisialta i rith an tsamhraidh le páistí as Béalarús a thabhairt ar saoire go hÉireann. D’fhan cuid de na páistí le teaghlaigh sa chomharsanacht i mBaile Locha Riach agus i gCreachmhaoil ar feadh míosa. Is eagraíocht deonach í ‘Áthas’ agus tá súil ag an ghrúpa cuir leis an dea-obair ar an bhliain seo chugainn. Ba mhaith leo cuireadh a thabhairt do níos mó páistí teacht ar cuairt go Oirthear na Gaillimhe sna blianta amach romhainn. Má tá spéis ag éinne a bheith páirteach ar dhóigh ar bith, tá gach fáilte teagmháil a dhéanamh le Paula McLaughlin ag 087 9786086.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 1
PoorBest 
< Prev   Next >

Do you think there is enough high quality student accomodation around Galway?