Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Chelsea FC ar an gCeathrú Rua
Chelsea FC ar an gCeathrú Rua E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 16 April 2008

Is beag ceangal, a cheapfá, a bheadh ag Príomhroinn sacair Shasana leis an gCeathrú Rua, ach tá beagán de Chelsea FC anois ar an mbaile Gaeltachta, ó thárla na toisí agus caighdeáin ceanna céanna ag an bpáirc nua Astroturf atá tógtha trasna an bhóthair ó Pháirc an Cháthanaigh leis an bpáirc nua traenála atá tógtha ag foireann sacair Chelsea i Cobham, Surrey.

Image

Sa Pictuir (pic: Seán Ó Mainnín) ó Clé go deas ta - Stiofan DeBhailis, Micheál Ó Loideáin, Sean O Domhnaill, Keith Ó Gairbhín, Neasa Mhic Dhonnacha (Rúnaí CLG An Cheathrú Rua), Seán Mac Donnacha, Nicolás Ó Conchubhair (Príomh Urra) agus Máirtín Ó Gríofa (Cathaoirleach Coiste na Pairce)

Is é an comhlacht céanna a thóg an dá pháirc.  Cosnóidh an pháirc agus na seomraí feistis ar an gCeathrú Rua suas le milliún euro, agus tá 30 faoin gcéad den t-airgead sin bailíthe, agus le bailiú, ag an bpobal féin. 

Is é an tIar-Sheanadóir agus fear gnó áitiúil, Nioclás Ó Conchubhair, atá mar phríomh-urraí ar an gcuid is deireannaí den fheachtas bailiúchán airgid, leagan beo den seó iomráiteach teilifíse, “Who Wants to Be a Thousandaire,” áit a mbeidh deis ag an bpobal 1000 euro a bhuachaint, ach páirt a ghlacadh sa chomórtas.

“Tá muid fíor-bhuíoch don phríomh-urraítheoir, Nioclás Ó Conchubhair, as an gcúnamh luachmhar atá curtha ar fáil aige,” a deir Seán Mac Donncha ó Choiste Pháirc an Chathanaigh.  “Tá an fhorbairt seo ar cheann de na forbairtí is tábhachtaí ar an gCeathrú Rua le blianta beaga anuas agus cinnteoidh sí go mbeidh áis caitheamh aimsire d’ard-chaighdeán ar fáil do na glúinte atá amach romhainn.”

Reachtáilfear “Who Wants to Be a Thousandaire” i gcomhar le Pallas Marketing ar an 2 Bealtaine in Óstán an Dóilín ar an gCeathrú Rua.  Tá ticéid €15 ar fáil ó bhaill den choiste bailiúchán airgid nó is féidir ticéad a cheannach ar an oíche.  Tá tuilleadh eolais faoin seó nó eolas maidir le deiseanna fógraíochta ar €200 le fáil tré glaoch a chur ar Keith ag 0879540942, nó ríomhphost a sheoladh chuig This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it .


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 1
PoorBest 
< Prev   Next >

Do you have faith in Galway's water?