News
Béal a Phobail
Ceolchoirm Phádraig sa Mhúsaem | Ceolchoirm Phádraig sa Mhúsaem |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 12 March 2008 | |
|
Beidh ceolchoirm mhór ar siúl i Músaem Cathrach na Gaillimhe Déardaoin seo ag a 8in chun tús a chur le ceiliúradh Phádraig i gCathair na Gaillimhe. I measc na réalta ag glacadh páirte sa gceolchoirm beidh Tom Cullivan, Michael Hannon, Elena Gekker agus Eamonn Rabitte. Ceol claisaiceach agus traidisiúnta de chuid na tíre seo a bheidh á sheinm ar an oíche le béim faoi leith á chur ar cheol an 17ú agus 18ú aois. Tá an-tóir ag na ceoltóirí seo ar an stíl ceoil ar a nglaotar na Moore's Melodies agus tá súil an-chuid daoibh seo a chloisteáil. Tá praghas de €15 ar na ticéid agus ní mór áit a chur in áirithe tré glaoch a chur ar 091 532460. Chun clabhsúr a chur ar an bhféile beidh Céilí -Fest Noz ar siúl sa Dubhlann ar oíche na Féile Pádraig (oíche an Luan). I measc na ngrúpaí a bheidh ag glacadh páirte anseo beidh Cercle Argoat ón mBriotáin agus Mick Crehan agus a cháirde ó Ghaillimh. Tá ticéid le fáil tré glaoch ar 091 569777. |
| < Prev | Next > |
|---|