News
Béal a Phobail
Ceol Traidisiúnta sa Mhúsaem | Ceol Traidisiúnta sa Mhúsaem |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 16 April 2008 | |
|
Beidh oíche cheoil agus amhráin thraidisiúnta i Músaem Cathrach na Gaillimhe oíche amárach (Déardaoin 17ú) ag 8i.n, nuair a thiocfaidh triúr sár cheoltóirí atá lonnaithe sa gcathair; Mick Crehan, Paul Bradley agus Tommy Keane le chéile chun ceol a chasadh agus cur síos a dhéanamh ar stair agus traidisiún an cheird. Tosóidh na h-imeachtaí go léir ag a 7i.n, tar éis seoladh oifigiúil de dhlúthdhiosca nua carthannach atá á sheoladh ag GOAL. Deis a bheidh san ócáid seo do dhaoine a theacht agus ceisteanna a chur ar na ceoltóirí maidir leis an t-údar atá taobh thiar dá gcuid suime sa gceol, nó ceisteanna faoin gceol é féin. Beidh neart poirt agus cúpla amhrán le cur leis an ócáid chomh maith. Ina theannta seo, beidh an déantóir uirlise traidisiúnta, Paul Doyle sa Mhúsaem Dé Sathairn ag a 3i.n, chun caint a thabhairt ar uirlisí traidisiúnta a dhéanamh. Tá Paul ag obair sa chathair le roinnt mhaith de bhlianta agus cáil náisiúnta air mar sár dhéantóir uirlise. Chun a thuilleadh eolais a fháil ar an gcaint seo, nó ar an oíche cheoil, is féidir glaoch a chur ar: 091 532460. |
| < Prev | Next > |
|---|