News
Béal a Phobail
Ceol Traidisiúnta ón gCéad Ghlúin Eile | Ceol Traidisiúnta ón gCéad Ghlúin Eile |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 13 August 2008 | |
|
Up and Coming – Ó Ghlúin go Glúin is teideal d’albam nua de cheol traidisiúnta le hOisín agus Conal Hernon, eisithe ag Cló Iar-Chonnachta. Is as Árainn don bheirt cheoltóirí óga seo, deartháireacha nach bhfuil ach sé bliana déag agus trí bliana déag d’aois ach gur léir óna gcuid ceoil go bhfuil saibhreas agus tuiscint thar na bearta acu ar a gceird. Is leis an bhfeadóg stáin a thosaíodar beirt amach ach níor mhoilligh siad rófhada leis sin nó gur thosaigh Oisín ar an gcnaipchairdín in aois a sé bliana, agus gur thosaigh Conal ar an mbainseó agus é naoi mbliana d’aois. Is liosta le háireamh na boinn, duaiseanna agus Craobhanna na hÉireann atá buaite acu faoi seo, agus ceol seinnte acu ar ardáin ó cheann ceann na tíre, ceolchoirm d’airí agus d’uaisle an Aontais Eorpaigh i 2004 san áireamh, tráth a raibh uachtaránacht an Aontais ag Éirinn. Ní ón ngaoth a fuair siad é ach oiread, mar is ceoltóir agus amhránaí den scoth í a máthair, Marion, a bhfuil Craobh na hÉireann ar an gcnaipchairdín buaite aici, chomh maith le duaiseanna d’amhránaíocht i mBéarla agus i nGaeilge. Is ceoltóirí iad muintir Mharion chomh maith, go deimhin: as Sráid na Cathrach i gCo. an Chláir dá máthair, baile atá luaite go mór leis an gceol traidisiúnta, agus is ceoltóir bosca é a hathair a thaistil ar fud na tíre lena bhanna ceoil, The Inky Craven Dance Band. Tá seacht gcinn dhéag de Chraobhanna na hÉireann buaite ag an teaghlach seo le trí ghlúin anuas, agus tá na trí ghlúin sin le cloisteáil ag seinm ar Up and Coming – Ó Ghlúin go Glúin. Ar na foinn ar an albam tá dhá phort a chum Conal, ‘Port na Rinne Móire’ ainmnithe as baile a sheantuismitheoirí i gcathair na Gaillimhe, agus ‘Ansacht Philomena’ ainmnithe as a sheanmháthair. Tá amhrán lena mháthair Marion, ‘Sean-Phádraic’, chomh maith le leagan uirlise d’amhrán nach mbeifeá ag súil lena chloisteáil ar albam de cheol traidisiúnta, b’fhéidir: ‘The Way I Are’ le Timbaland! Tá tionlacan le Carl Hession, Mick Conneely agus Eugene Killeen. Beirt de mhórcheoltóirí na glúine óige atá le cloisteáil ar Up and Coming – Ó Ghlúin go Glúin, atá ar fáil anois i siopaí ceoil ar fud na tíre agus ó www.cic.ie. Beidh Oisín agus Conal ag seinm sa seó Aistear Ceilteach – Celtic Passage, seó ceoil thraidisiúnta agus damhsa ar Inis Mór, i gcaitheamh an tsamhraidh. |
| < Prev | Next > |
|---|