Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Ceisteanna an Chonartha
Ceisteanna an Chonartha E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 09 April 2008

D’eagraigh craobh de Chonradh na Gaeilge tráth na gCeisteanna idir scoileanna Oirthear na Gaillimhe in Óstán Gullane’s, Béal Átha na Slua i gcomhar leis an Comhar Creidmheas, Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus Gaeilge Locha Riach.

Tharla go raibh an oiread sin páirteach go raibh orthu trí sheisiún de cheisteanna a eagrú thar dhá oíche. Tháinig scoileanna náisiúnta an chomharsanacht le chéile don chéad oíche agus líonadh an halla le naoi bhfoireann déag de sheisear ó na scoileanna uile. Sa deireadh bhí an bua ag foireann as Scoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Slua agus iad lán-sásta leo féin.

Tháinig meánscoileanna le chéile an dara oíche agus dhá rannóg ar leith eagraithe do lucht sóisearach agus sinsearach. Arís, bhí freastal iontach ó scoileanna an cheantair. Iad ag teacht ó chúig mheánscoil sa chomhsanacht mórthimpeall agus ocht bhfoireann is fiche eatarthu. I ndeireadh na hoíche, b’iad Coláiste na Toirbirte, Baile Átha an Rí a thóg an bua leo sa rannóg sóisearach agus sa rannóg sinsearach araon. Cinnte, bhí comórtas dian ann ach ba é an rud ab fhearr a bhí ann ná gur bhain idir scoláirí, múinteoirí sult agus taitneamh as. 


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?